By Donall O Cnaimhsi
Is beag a shíl ceannaireacht Fhine Gael agus iad ag ullmhú á bhforógra don oll thoghán chinniúna seo, gur ceist na teanga agus á bpolasaí ina leith a bheadh a cruthú go leor conspóid ar fud fad na tire seachas an gnóthaigh eacnamaíochta agus a bpleananna le muid a thabhairt slán.
Tá a seasamh ar cheist na teanga ag cuir a gcuid iarrthóirí ar an gcois cúl in díospóireachtaí thábhachtach in beagnach gach contae.
Is doiligh a chreidiúint nár thuig Fine Gael an ról tábhachtach atá ag an Ghaeilge i sící chultúrtha na hÉireann agus a léirí pobalbhreitheanna go leor go bhfuil tromlach de muintir na tire an báúil don teanga, (93% ESRI).
Cuireadh an oiread sin brú ar iarrthóirí Fhine Gael i gCiarraí, i nGaillimh agus i nDún na nGall ar na mallaibh gur dúirt siad nach aontaíonn siad go pearsanta leis an polasaí ar choir ar bith agus go ndéanamh siad a seacht ndícheall cuir ina luí ar an cheannaireacht gan aon athrú a bheith ann maidir le stádas na Gaeilge san Ard teist.
Ta seans ann anois go gcailleadh Fine Gael an deis le mórlach stairiúil a bhaint amach don chéad uair mar gheall ar an pholasaí seo.
De réir cosúlachta shocraigh ceannaireacht Fhine Gael ar an chine an Ghaeilge a bheith roghnach in áit éigeantach i ndiaidh an teastas Sóisearach ag tionól a bhí acu i gCiarraí tá trí bliain o shon.
Chinntí an teachta dála as Gaoth Dobhair, Donnacha Mac Fhoinnghaile an méid sin ag cruinniú achrannach le impleachtaí na ceiste a phlé, a tionóladh sa cheantar sin oíche Mhairt seo chaite. Chinntí sé chomhmaith ag an gcruinniú sin nár raibh aon incur aige féin sa chine cé go bhfuil se aitheanta mar urlabhraí an pháirtí ar gnóthaigh teanga agus Gaeltachta ó toghadh é ar dtús beagnach tríocha bliain o shon.
Bhí beagnach gach ceist ar an oíche dírithe i dtreo Dhonnachaidh agus ní raibh aon éalú aige nach aon dul amú air, fan fhearg agus míshásta atá san phobail.
Tá muintir na Gealtachta ar deargbhuile fan cheist seo agus tá siad ag fáil go leor tacaíocht ó na eagrais Gaeilge uile go náisiúnta. Ta stádas na teanga sa chóras oideachais an chriticiúil de eacnamaíocht na ceantar Gaeltachta uilig.
Déanann na céadta mic léinn freastal ar chúrsaí trí seachtaine le linn an tsamhraidh, le cois ábhar múinteoirí thig ar ghearr chúrsaí i rith an téarma iad uilig ag súil le feabhas a chuir ar á gcuid Gaeilge labhartha.
Tá an Ghaeilge i gcroí lár na Ard teiste ó bunaíodh an scrúdú agus mar gheall ar seo déanann thar 40,000 an scrúdú Ghaeilge gach Samhradh agus éiríonn leis an bhformhór acu. Mealltar go leor de na tuismitheoirí go dtí Ghaeltacht chomhmaith le saoire a chaitheamh in éineacht na páistí atá ar na cúrsaí.
Tugann seo go leor airgid isteach sna ceantar seo agus cruthaíonn sé go leor fostaíocht in áiteanna nach bhfuil mórán fiontraíocht eile de bharr an géarchéim ina bhfuil muid sáinnithe.
Tá óstain, tithe tábhairne, bialanna, siopaí, comhlachtaí busanna agus ar ndóigh na Coláistí Samhraidh féin ag bráth go mór ar an teacht isteach seo.
Tá na tithe deisithe ag na teaghlaigh a choinníonn na scoláirí seo ar chostas ard agus tá méadú tagtha ar an árachais a chaithfidh siad a bheith acu chomhmaith.
Oibríonn na mná tí go crua ar feadh naoi seachtainí ar shon na pingineacha suarach a shaoraíonn siad, ach sin á bhfuil ag formhór acu mar theacht isteach.
Tá feachtas láidir a reáchtáil ag Conradh na Gaeilge in éadan an pholasaí roghnach seo agus creideann siad go ndéanfadh se an dochar don teanga mar ná roghnóidh daltaí na hArd Teiste an Ghaeilge ar na cúiseanna seo leanas:
1. Tá teangacha níos deacra.
2. Beidh sí in iomaíocht le hábhair eile atá riachtanach don tríú leibhéal
3. Ní bheidh an Ghaeilge ar fáil i ngach scoil a thuilleadh.
4. Tá dhá pháipéar sa scrúdú Ghaeilge.
5. Beidh díspreagadh ón mbunscoil ar aghaidh.
Tá teangacha roghnach don GCSE i Sasana o 2001 agus thit an lion daltaí ag déanamh staidéar teangacha go tubaisteach ó 78% go 44%. Meastar go mbeidh an scéal níos measa fós sa tír seo. Tá locht curtha ar Fhianna Fail mar gheall ar an scrios rinneadh ar eacnamaíochta na tire le linn a réim i rialú na tire.
An mbeidh an locht ar Fine Gael anois ma dhéantar scrios ar an seoid is luachmhara i gcultúr na tire.