Tá roinnt ábhair stairiúil a bhaineann le ceantar Ghaoth Dobhar agus nár foilsíodh roimhe seo, le fáil anois i leabhar nua ‘Trasna an Ghaoith: Scríbhinní Johnny Sheáin’.
Scéalta, véarsaí, drámaí, ailt agus eile atá san ábhar seo a scríobh Seán Ó Gallchóir nó Johnny Sheáin mar ab fhearr aithne air, i rith na seachtóidí agus na n-ochtóidí.
Ba mhúinteoir, scoláire, staraí agus aisteoir é Johnny Sheáin agus tá an leabhar curtha in eagar ag a mhac Noel, príomhoide ar Phobalscoil Ghaoth Dobhair i nDún na nGall.
Dúirt Noel le Foinse:‘Tá cúpla bliain caite agam anois ag cur an leabhair seo in eagar agus tá fiúntas san ábhar chomh maith le saibhreas millteanach Gaeilge.
“Fear iontach cultúrtha a bhí ann agus bhí scoth na Gaeilge aige. Bhí suim mhór aige i rud ar bith a bhí Gaelach agus bhí baint aige leis na hOireachtais i nGaoth Dobhair.”
Seoladh an leabhar seo le gairid ag ócáid speisialta ar fhreastail thart ar 500 duine uirthi. €25 atá ar an leabhar agus tagann 2 dlúthdhiosca chomh maith le DVD leis.
Copyright: Foinse