Craolfar clár faisnéise faoin Athair Cathal Ó Gallchóir, Cathal Johnnie Sheáin, ón Choitín i nGaoth Dobhair ó dhúchas ar TG4.
Amharcann an clár ar an mhórfheachtas a rinne paróiste i South Dakota i gcoinne chinnidh Rialtas Mhéiriceá an tAthair Cathal a dhíbirt as an tír i 2008.
Creidtear go raibh tionchar mór ag na hionsaithe sceimlitheoireachta ar na Stáit Aontaithe i 2001 ar chás an Athair Cathal.
Tá na mílte Éireannach gan caipéisí inimirce ina gcónaí sna Stáit Aontaithe. Tharraing an cás aird náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Mar thoradh ar fheachtas phobal na ndaoine i Dakota Theas, iompaíodh cinneadh an Rialtais don chéad uair riamh i stair na tíre sin.
Leanann an clár an tAthair Cathal agus é sa bhaile i nGaoth Dobhair níos luaithe i mbliana.
Le linn na mblianta nach raibh cárta glas aige, ní raibh sé ábalta na Stáit Aontaithe a fhágáil agus ní raibh sé ábalta freastal ar go leor ócáidí teaghlaigh in Éirinn sa tréimhse sin.
Tá léargas cuimsitheach sa chlár ar shaol pearsanta an tsagairt a d’fhág Gaoth Dobhair i 1974 agus a chaith 22 bliain sa tSeapáin sula dtug sé aghaidh ar Mhéiriceá.
Craolfar PARÓISTE AN PHRAIRIE ar TG4 ar 7.15, Déardaoin 29ú Nollaig.
© 2011 donegaldaily.com, all Rights Reserved
The copying, republication or redistribution of donegaldaily.com Content, including by framing or similar means, is expressly prohibited by law.
Follow us on www.twitter.com/donegaldaily
Follow us on www.facebook.com/donegaldaily
Sell anything on www.donegaldailyclassifieds.com