Beidh deis ag cuid de na daltaí a fhreastalóidh ar chúrsa Gaeilge i dTír Chonaill an samhradh seo, an Ghaeilge a fhoghlaim le cabhair ón damhsóir aitheanta ón tSiombáib, Tura Aratura.
Beidh Tura, a ghlac páirt sa chomórtas rince ar an sean-nós ag Oireachtas 2011 agus a bhí le feiceáil ar Nationwide ar RTÉ1 le déanaí, ag múineadh damhsa ar an sean-nós agus hip hap ar chúrsa A ag Coláiste Chill Chartha i nDún na nGall.
“Tá sceitimíní orm faoi pháirt a ghlacadh i gcúrsa mar seo den chéad uair. Thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge sé bliana ó shin sa Chultúrlann i mBéal Feirste agus tá mé ag tabhairt faoi dhioplóma sa Ghaeilge in Ollscoil Uladh.”
Tá lúcháir ar Mhairéad Ní Bhrádaigh, stiúrthóir Choláiste Chill Chartha, go mbeidh Tura páirteach sa chúrsa: “Tá an-chraic ag baint leis agus tá sé iontach maith ag fáil daoine ag caint Gaeilge. Síleann daoine go bhfuil an Ghaeilge difriúil i dTír Chonaill ach is í an Ghaeilge chéanna atáimid uilig ag scríobh síos, níl ach roinnt focail difriúil.”
D’fhoghlaim Tura a chuid steipeanna ó Phádraig Ó hOibicín, muintir Uí Dhubháin agus Emma Ní Shúilleabháin.
Dúirt sé go raibh sé iontach bródúil as páirt a ghlacadh sa chomórtas rince ar an sean-nós ag an Oireachtas anuraidh agus go mbeidh sé páirteach ann arís i mbliana.
“Tá mé ag foghlaim cúpla amhrán ar an sean-nós faoi láthair agus ba mhaith liom a bheith páirteach sa chomórtas sin freisin,” a dúirt sé.
Tá Tura ag obair ar amhrán ‘rap-nós’ do Sheachtain na Gaeilge. Tír gan Teanga an t-ainm atá air agus seolfar é roimh an bhféile.
* This story appeared in Foinse on Wednesday, February 22. Reproduced with the kind permission of Foinse – Ireland’s national Irish language newspaper which is free with the Irish Independent every Wednesday.
Tags: