Tá fáilte curtha ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh roimh na cláracha tacaíochta teaghlaigh agus pleanála teanga atá seolta ag Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, ach ní theann siad sách fada agus níl sé soiléír go mbeidh acmhainní go leor ann chun iad a chuir i bhfeidhm, dar leis.
Tá imní freisin air nach bhfuil an méid atá ar siúl ag Ranna eile Rialtais agus an Statchóras tré chéile ag teacht leis an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge agus go mbainfidh siad an mhaith as na tograí eile seo.
Bhí Seanadóir Shinn Féin as Gaillimh Thiar ag tagairt do na scéimeanna a sheol an tAire Stáít ar an Déardaoin. ‘Tá siad tamall ag teacht agus is maith ann iad’, a deir Ó Clochartaigh, ‘ach, bhí mé súil le fógra níos cuimsithí agus soiléiriú maidir le hacmhainní a bheith ar fáil len iad a chuir i bhfeidhm mar is gá. Maidir leis an Scéim Tacaíochta Teaghlaigh, ní leor bileoga a scaipeadh, caithfidh daoine oilte a bheith ar fáil le tacaíocht leanúnach a chuir ar fáil i ngach ceantar Gaeltachta.
Caithfear maoiniú agus acmhainní a chuir in áít do ghrúpaí tuismitheoirí, máthair & linbh, ionaid cúram leanaí is araile le gniomhaíochtaí a eagrú agus áiseanna a chuir ar fáil, chomh maith le díriú ar staid na Gaeilge sa chóras oideachais’.
‘Ó thaobh cúrsaí pleanála teanga di, tá sé an-aisteach nach bhfuil acmhainní dhá chuir ar fáil le pleananna teanga a ullmhú i ngach ceantar láithreach. Léirigh an Staidéar Chuimsitheach Teangeolaíochta an phráínn a bhaineann leis an obair seo. Bhí an Rialtas roimhe seo ag tarraingt na gcos agus is léir go bhfuil an Rialtas seo nío measa arís’, a deir Ó Clochartaigh.
‘Níl ciall na réasún a bheith ag fágáil ceantar ar bith amach as an bpróiséas. Tá ceantair láidre a dteastaíonn tacaíocht uathu ar nós Iorras Aithneach, Múscraí agus Rath Cairn fágtha as an aíreamh go fóill agus fiú na ceantair is mó atá i mbaol stádas Gaeltachta a chailleadh, níl deis ar bith fágtha dóibh an taoide a chasadh. Ní léir go bhfuil cur chuige meáite ar bith dhá leanúint ag an Aire sa mhéid seo.’.
‘Freisin, tá sé riachtanach dó a shoiléiriú cé na hacmhainní a bheidh ar fáil chuige seo. Más iad na heagraíochtaí pobail atá ina bhun caithfear buiséad a chuir ar fáil dá réir chun an obair a dhéanamh, imeachtaí agus áiseanna a chuir ar fáil’, dar leis an Seanadóir.
‘Tá an Roinn fein in ainm is a bheith ag déanamh maoirseacht ar an dul chun cinn ach bheadh amhras orm go bhfuil an acmhainn acu sin a dhéanamh i gcomhthéacs an faillí iomlán atá dhá dhéanamh acu maidir le maoirsiú scéimeanna faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, mar a léiríodh an tseachtain seo i dtuarascáíl an Choimisinéir Teanga’.
‘Ach an imní is mó atá orm ná go bhfuil Rannaí eile Rialtais agus eagrais Stáit atá ag déanamh dochar don Straitéis agus don teanga tré chéíle. Áirím ansin Ruairi Quinn agus an Roinn Oideachas agus Scileanna ach go háirithe, atá ag deanamh éagoir mhór tríd an athbhreithniú ar an coibhneas dalta –múinteora sna scoileanna beaga sa nGaeltacht, atá ag gearradh maoiniú chun tacú le hábhar oidí dul chun na Gaeltachta agus a fuair réidh le scoláireachtaí triú leibhéal do mhuintir na Gaeltachta’, a deir Seanadóir Shinn Féin.
‘Ní leor preas ócáidí agus caint, gan acmhainní a chuir ar fáil agus ní chuirfear an Straitéis Fiche Bliain i bhfeidhm gan tacaíocht iomlan an Rialtais, i gcomhpháirt le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, sin rud nach bhfuil ag eirí leis an Aire Stáit McGinley a bhaint amach go fóill’, arsa Ó Clochartaigh.
ADVERTISEMENT
Tags: