Don dara bliain as a chéile beidh muintir Thír Chonaill ag reáchtáil
Chomórtas Peile na Gaeltachta ach i mbliana is iad muintir Ghaoth
Dobhair i gceartlár Thír Chonaill a bheith ag obair go dian chun
comórtas na bliana seo a reáchtáil ón 1-4 Meitheamh 2012.
Bhí an-tóir ar Chomórtas Peile na Gaeltachta le blianta fada anuas le
foirne ó Chionn Mhálanna go Carn Uí Néid ag glacadh páirte sa
chomórtas seo a bhíonn ar siúl i nGaeltachtaí éagsúla gach bliain.
I mbliana beidh na sluaite ó na Gaeltachtaí éagsúla timpeall na tíre
mar aon le foireann as Baile Átha Cliath, ‘Na Gaeil Óga’ agus
foireann Laochra Loch Lao as Béal Feirste ag tabhairt aghaidh ar
cheantar Ghaoth Dobhair.
I measc na gClubanna Gaelachta éagsúla ar fud na tíre a ghlacann páirt
sa chomórtas go rialta bíonn foirne as Rinn Ó gCuanach agus An tSean
Phobail as Gaeltacht na nDéise, foireann as Gaeltacht Ráth Cairn i
gContae na Mí, Piarsaigh na Droimaide agus An Ghaeltacht as Gaeltacht
Chiarraí, Baile Bhuirne agus Béal Átha an Ghaorthaidh as Gaeltacht
Chorcaí, Gleann Cholm Cille, Cloch an Fhaola, Na Dúnaibh, agus
foireann Chill Chartha, agus ar ndóigh an fhoireann as baile Ghaoth
Dobhair, i nGaeltacht Dhún na nGall.
I láthair freisin bíonn Oileán Árainn agus foirne as Conamara mar aon
le foirne Bhéal an Mhuirthead, Thuar Mhic Eadaigh agus Bhaile an
Chaisil as Gaeltacht Mhaigh Eo.
San iomaíocht freisin bíonn foireann Mhóin Dearg as Londain Shasana,
foireann a rinne iarracht freastal ar an gcomórtas le blianta fada
anuas.
Beidh puball mór curtha in airde in aice leis an bpáirc, áit a mbeidh
neart imeachtaí sóisialta idir cheol, amhránaíocht agus damhsa ar
siúl.
Más peil, ceol, damhsa nó blas don chultúr áitiúil atá á lorg agat
tabhair d’aghaidh ar Ghaoth Dobhair deireadh seachtaine na Cincíse
agus cuimhnigh is deis iontach í seo do dhaoine na canúintí difriúla
ó na Gaeltachtaí éagsúla ar fud na tíre a chloisteáil in atmaisféar
sóisialta.
Tuilleadh eolais maidir le himeachtaí le fáil ag na sonraí teagmhála thíos: Cathaoirleach – Seán Ó Fearraigh –087 2441842