Tá RTÉ Raidió na Gaeltachta ainmnithe ar an ghearrliosta do Stáisiún na Bliana ag Féile na Meán Ceilteach don dara bliain as a chéile. Bronnadh an duais do Stáisiún na Bliana ar RnaG i 2009.
Tá Rónán Mac Aodha Bhuí, láithreoir Rónán Beo @ 3, ainmnithe ar an ghearrliosta do Phearsa Raidió na Bliana don dara bliain as a chéile chomh maith.
Bhuaigh Rónán an duais do Phearsa Raidió na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i 2010, agus bronnadh an duais do chlár raidió na bliana ar Rónán Beo @3.
Déanfar eagrán speisialta den chlár Rónán Beo @ 3, á chraoladh beo as an teach tábhairne Oliver St. John Gogarty’s i mBarra an Teampaill an Déardaoin seo, 27 Eanáir, 3.00 – 5.00 p.m.
Tá an clár á chraoladh chun Temple Bar TradFest 2011 agus beidh na grúpaí mór le rá as Tír Chonaill Altan agus Clannad ag seinm beo chomh maith.