Bronnadh duais speisialta do Gharda óg as Mín na Cuinge, Gaoth Dobhair ag searmanas ag Coláiste an Gharda Síochána, An Teampall Mór, i dTiobraid Árann ar na mallaibh.
Dúradh ag an ócáid gur chuidigh Garda Neasa Ní Chearnaigh go mór le saol ag Coláiste an Gharda Síochána agus bronnadh Bonn Cuimhneacháin Gary Sheehan uirthi.
Déanann an bonn seo comóradh ar an Gharda Earcach Gary Sheehan a cailleadh ar dualgas ag Béal an Átha Mhóir, Co. Liatroma an 16 Nollaig 1983.
Dúirt sé i ráiteas: “Bronntar an bonn ar an Mac Léinn is fearr ar an iomlán.
Beidh cion tairbe shuntasach déanta ag an faighteoir do shaol
Choláiste an Gharda Síochána, beidh clú tarraingthe acu orthu féin sa
réimse acadúil agus beidh cion tairbhe shuntasach déanta acu do na
stáisiúin agus do na pobail ina raibh siad ar fiannas i rith gach céim
den oiliúint.”
Bhain Garda Ní Chearnaigh céim amach sa Dlí in Ollscoil na hÉireann,
Gaillimh. Tá sí lonnaithe ar An Garda Síochána, Sligeach.