Donegal Daily
  • News
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Business
  • Lifestyle
  • Travel
  • Politics
  • Features
  • Donegal County Council News
Saturday 17°CSunday 16°C

Donegal Daily Donegal Daily

sponsor banner
sponsor banner
  • News
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Business
  • Lifestyle
  • Travel
  • Politics
  • Features
  • Donegal County Council News
News

LIAM Ó CUINNEAGÁIN – BUAITEOIR GHRADAM AN PHIARSAIGH 2011

written by admin April 14, 2011
FacebookTweetLinkedInPrint

Bronnadh Gradam an Phiarsaigh ar Liam Ó Cuinneagáin, cathaoirleach Údarás na Gaeltachta agus comhbhunaitheoir agus stiúrthóir Oideas Gael i nGleann Cholm Cille, Co Dhún na nGall.

Bronnann Fondúireacht an Phiarsaigh an gradam gach bliain ar dhuine a mheasann coiste neamhspleách mórchuid bheith déanta aige chun idéalacha an Phiarsaigh a chur chun cinn.

Ag ócáid speisialta i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo a bhronnadh an gradam ar Liam agus chuir an tUachtarán Máire Mhic Giolla Íosa litir chomhghairdis chuige.

Chaith an tUachtarán roinnt samhraí ar chúrsa ag Oideas Gael feabhas a chur ar a cuid Gaeilge le cuidiú ó Liam.

Ag cur síos ar an ghradam, dúirt An tOllamh Brian MacCraith: “Ba thírghráthóir, nuálaí, fiontraí, ceannaire é an Piarsach, a labhair faoi ‘a regeneration of spirit’ nó ‘athghiniúint spioraid’ sa chóras oideachais.

“Anois agus dúshláin ar leith againn in Éirinn, is gá dúinn tógáil ar an oidhreacht agus an cheannródaíocht sin. Is é m’fhís do DCU ná Ollscoil Fiontraíochta a chothú bunaithe ar thírghrá pragmatach ina dtugaimid aghaidh ar riachtanais na sochaí agus comhobair ar ardchaighdeán lenár bpáirtnéirí i ngar agus i gcéin.

“Léiríonn Liam Ó Cuinneagáin, buaiteoir Ghradam an Phiarsaigh i mbliana, tríghrá, nuálaíocht, fiontraíocht agus ceannaireacht an Phiarsaigh, agus is onóir ar leith dom a bheith páirteach i mbronnadh na bliana seo.”

I measc na ndaoine ar bronnadh an Gradam orthu le blianta beaga anuas, tá an scoláire, file agus drámadóir, an tOllamh Seán Ó Tuama; An tArdeaspag Dónall Caird, Helen Ó Murchú, oideachasóir agus saineolaí teanga,  Adi Roche, bunaitheoir Chernobyl Children’s Project agus diagaire, oideachasóir agus scríbhneoir Mons Breandán Ó Doibhlin.

Tá an Gradam á bhronnadh go bliantúil ó 1980 i leith.

Dúirt  Liam Ó Cuinneagáin ag an ócáid: “Ní ró-mhinic a bhímse sa chomhluadar céanna nó ag teacht i gcomharbacht ar bheirt chomh huasal leis an Mons. Breandán Ó Doibhlin agus An tArdeaspag Dónall Caird – ní amháin a bheith i gcomhluadar na beirte réamhluaite ach fosta sonraithe le achan bhuaiteoir ó 1980 ar aghaidh.

“Fear ildánach a bhí sa bPiarsach a chuir an oiread sin aidhmeanna fiúntacha roimhe.  Is eiseamláir é gur fiú do Ghaeil a leanúint.  Is cinnte gur iontach an onóir dom é Gradam an Phiarsaigh a fháil agus tá mé thar a bheith bródúil as.  Tá mé thar a bheith buíoch den choiste roghnaithe a d’fhéach chomh fada ó thuaidh agus Gleann Cholm Cille!”

LIAM Ó CUINNEAGÁIN – BUAITEOIR GHRADAM AN PHIARSAIGH 2011 was last modified: April 13th, 2011 by admin
FacebookTweetLinkedInPrint

Tags:
Co Dhún na nGallLIAM Ó CUINNEAGÁINOideas Gael i nGleann Cholm CilleÚdarás na Gaeltachta
admin

LEAVE A COMMENT

You may also like

Donegal director bringing filmmaking expertise to workshop...

5 hours ago

Exciting times as Mount Errigal Hotel begins...

5 hours ago

Watch: Stunning Arranmore Blueway videos entice explorers...

8 hours ago

World News: At least 29 injured in...

9 hours ago

Tragic Ella and Natalie’s former school pays...

9 hours ago

Donegal priest faces seven more child sex...

10 hours ago

Donegal Councillor praises kind Dublin fans following...

11 hours ago

Ballintra prepares to celebrate Fr Adrian Gavigan’s...

12 hours ago

New Renault buyers can drive away with...

12 hours ago

Man involved in unholy Letterkenny Church row...

12 hours ago
Advertisement
Advertisement

Donegal County Council

Facebook
Donegal County Council
Advertisement
Advertisement
Donegal Daily Jobs

Read More

  • News
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Sales & Services
  • Obituaries
  • Features
  • Business
  • Politics
  • Council News

Information

  • Contact Us
  • About
  • Advertise WIth Us
  • Privacy Policy
  • Disclaimer
  • Terms & Conditions

Our Sites

Donegal Woman
Donegal Woman
Donegal Daily

© 2025 Donegal Daily. All rights reserved.
Website by owenod


Back To Top.

We use cookies to ensure that we give you the best experience on our website. If you continue to use this site we will assume that you are happy with it.