Trasna an Ghaoith: Scríbhinní Johnny Sheáin Gallchóir atá curtha in eagar ag Noel Ó Gallchóir. Beidh an leabhar á sheoladh in Óstán na Cúirte, Gaoth Dobhair, ar an Satharn, 14 Bealtaine 2011, ar an 8:00 i.n. mar chuid de Éigse Uladh 2011. Tá fáilte roimh achan duine.
Rugadh Seán Ó Gallchóir, nó Johnny Sheáin mar ab fhearr aithne air, ar an Mhachaire Loisce i nGaoth Dobhair sa bhliain 1912. Fear ilghnéitheach a bhí ann – múinteoir, scoláire, staraí, aisteoir, fear pobail.
Bhí buaidh faoi leith ag Johnny Sheáin leis an pheann agus tá meascán dá shaothar cruthaitheach agus dá shaothar staire sa leabhar seo.
Tá an tsamhlaíocht agus an saibhreas Gaeilge, an grinneas smaointe agus an tsúil ghéar le feiceáil go soiléir sna scéaltaí, sna véarsaí, sna hailt agus sna drámaí a scríobh sé. Ina chuideachta seo, tugtar léargas glinn ar stair Ghaoth Dobhair sa 19ú céad agus sa 20ú céad agus ar na heachtraí agus na pearsain a mhúnlaigh an pharóiste.
Tá blas de na neithe ab ansa le Johnny Sheáin – an drámaíocht, an stair áitiúil, litríocht Thír Chonaill, teanga na Gaeilge agus a pharóiste dhúchais Gaoth Dobhair – le fáil ar an dá dhlúthdhiosca agus an DVD atá leis an tsaothar seo.
Noel Ó Gallchóir: Mac le Johnny Sheáin a chuir an saothar seo in eagar. Tá suim mhór ag Noel sa stair áitiúil agus sa drámaíocht. Tá sé ag teagasc i bPobalscoil Ghaoth Dobhair ó bhí 1977 ann agus ina phríomhoide sa scoil ó 1998.
Trasna an Ghaoith: Scríbhinní Johnny Sheáin: Seán Ó Gallchóir; In eagar ag Noel Ó Gallchóir.ISBN 978-0-9568844-0-4 Clúdach crua + 2 CD & DVD, €25. Beidh an leabhar le fáil ó www.tg4.ie/siopa go luath.