Maith le báltaí ach caide fá sáltaí…
“Paisean Faisean” le casadh beag ar siúil oíche Shathairn 23ú Iúil sa Maple Room sa Dodge. Cead isteach €10. Doirse ag oscailt ag 8.00in. Cuid imreoirí Ghaoth Dobhair mar nár fhaca’s riamh roimhe iad!
Dioscó saor in aisce ina dhiaidh.
Beidh an t-airgead uilig ag dul chun sochar do fhorbairt an pháirc nua. Bígí ann.
Uimhreacha Lotto; 8, 12, 18, 21. Níor imigh an Pota Oir atá anois €1850.
Comhghairdeas le foireann Dún na nGall, go hairithe ar gcuid imreoirí féin Neil, Kevin agus Eamon. Maith sibh uilig.
Dioscónna ar siúil gach oíche Dhéardaoin i rith an tsamhraidh.
Crannchur CLG Gaoth Dobhair, ticéid €10.
Díoltóirí agus tiománaithe ag fágáil an Club Theach gach Luain, Céadaoin agus Aoine ag 6.00in. Tá tuilleadh cuidiú de dhíth ó na baill agus ó thuismitheoirí Bhord na nÓg. 6 seachtainí fágtha go dtí an crannchur.
Tags: