Beidh sraith nua den chlár Mo Ghrá Gael ag toiseacht ar TG4 go luath agus tá siad ag iarraidh iarratais a fháil ó fir is mná, aois 18-30, agus ag lorg fíor-ghrá chun páirt a ghlacadh.
Sa dara sraith seo, tchífidh muid beirt dhuine eile atá singil agus iad ar thuras ghrá fud fad na tíre ar thóir a ngrágael. Beidh an clár i dTír Chonaill ar Shatharn 15ú agus Domhnach 16ú Deireadh Fómhair.
Tá Síle Ní Scanláin, as Gaillaimh, agus Ainle Ó Cairealláin, as Béal Feirste, beirt shingil agus tá siad ag lorg do ghrá. Tá cinneadh déanta acu a gcinniúint féin a chur faoina smácht féin agus táthar ag iarraidh ar dhaoine atá cosúil leo, a bhfuil na suimeanna céanna acu físeáin a uaslódáil fúthu féin ar shuíomh idirlíon Mo Ghrá Gael.
Rachaidh siad ar camchuairt ansin le bualadh le cuid de na daoine singil seo agus le teacht ar an ghrá. Ach ní dhéanfadh duine ar bith cúis.
Tá dúil as cuimse ag Síle agus Ainle i gcúrsaí Gaeilge agus gach rud gaelach agus má tá tú ag iarraidh dul i bhfeidhm orthu, caithfidh na suimeanna céanna a bheith agat.
Tosaíonn an turas seo i mBéal Feirste agus ansin rachaidh siad go Baile Átha Cliath, Corcaigh, Gaillimh, agus Tír Chonaill. Bualfaidh siad le daoine úra i ngach áit agus roghnóidh siad duine amháin le dul amach ar chéad data leo.
An mbeidh na daoine seo ábalta dul i bhfeidhm orthu? An féidir theacht ar an ghrá taobh istigh de lá amháin?
Ag deireadh na camchuairte seo, roghnóidh Ainle agus Síle duine ar bhuail siad leo le linn an tsraith seo le dul ar dara data – saoire beag in áit rúnda. Beidh a fhios acu ansin má bhíonn a ngrágael aimsithe acu.
Má tá tú singil, agus má bhíonn speis agat bheith páirteach sa chlár seo, gabh i dteagmháil agus cuir ríomh-phost chuig caoimhe@waddellmedia.com nó cuir scairt ar +44 2890 427646.
Tags: