An bhfuil aon cheist agat faoi chúrsaí dlí? Mar shampla, an féidir leis an bhanc ús mo mhorgáiste a ardú? An bhfuil m’fhostóir ábalta scaoileadh liom gan iomarcaíocht a íoc liom?
Céard iad na cearta atá ag tionónta nó ag tiarna talún? Cén dóigh ar féidir liom mo thiomna a dhéanamh amach?
Beidh An tSeirbhís Saor-Chomhairle Dlí Náisiúnta trí Ghaeilge leis an dlíodóir Eithne Ní Dhochartaigh ar fáil sa Chrannóg, Doirí Beag, Co. Dhún na nGall an Satharn seo, 12 Samhain 2011, idir 2.00 – 4.00in.
Tá an tseirbhís seo ar fáil d’achan duine agus beidh sé ar fáil go míosúil ar an dara Satharn den mhí ó seo amach.
Arsa Eithne Ní Dhochartaigh, abhcóide cleachtach agus rúnaí Chraobh na gCeithre Cúirteanna: “Is cúis mhór áthais dom é go bhfuil An tSeirbhís Saor-Chomhairle Dlí Náisiúnta á leathnú ag Conradh na Gaeilge go Gaeltacht Chúige Uladh leis an ionad úr seo sa Chrannóg gach mí, ag tosú an Satharn bheag seo.
“Táimid ag obair chun rochtain chomhionann dlí agus chirt a chur ar fáil d’achan duine, trí Ghaeilge agus gan chostas, is cuma má tá tú i gcoimhlint le fadhbanna teaghlaigh, creidmheasa agus dochar, cearta fostaíochta, nó díreach ag lorg eolais ar cheist dlí.”
Tá An tSeirbhís Saor-Chomhairle Dlí arna eagrú ag Conradh na Gaeilge agus ag Craobh na gCeithre Cúirteanna i bpáirt le Guth na Gaeltachta. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair ag +353 (0)74 9532208 / dli@cnag.ie agus is féidir coinne a dhéanamh roimh ré.
© 2011 donegaldaily.com, all Rights Reserved
The copying, republication or redistribution of donegaldaily.com Content and Ideas including by framing or similar means, is expressly prohibited by law.
Follow us on www.twitter.com/donegaldaily
Follow us on www.facebook.com/donegaldaily
Sell anything on www.donegaldailyclassifieds.com