Donegal Daily
  • News
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Business
  • Lifestyle
  • Travel
  • Politics
  • Features
  • Donegal County Council News
Tuesday 18°CWednesday 15°C

Donegal Daily Donegal Daily

sponsor banner
sponsor banner
  • News
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Business
  • Lifestyle
  • Travel
  • Politics
  • Features
  • Donegal County Council News
News

CROÍ NA hACHTA TEANGA 2003 LE BAINT AG AN RIALTAS NUAIR A DHÚNFAR OIFIG AN CHOIMISINÉARA TEANGA

written by admin November 17, 2011
FacebookTweetLinkedInPrint

SHOCK AS FINE GAEL/LABOUR AXE IRISH LANGUAGE COMMISSIONER:

D’fhógair an Rialtas inniu go bhfuil sé i gceist acu Oifig an Choimisinéara Teanga a dhúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách, agus a chuid feidhmeanna ar fad a chur isteach faoi Oifig an Ombudsman mar chuid dá phlean athchóirithe don earnáil poiblí.

Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Tá an fógra seo ón Rialtas go bhfuil Oifig an Choimisinéara Teanga le dúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách ar an gcinneadh is cúlaithí, is meathlaí dá bhfuil glactha ag Rialtas ar bith i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge le blianta fada anuas.

“Baineann níos lú céille fós leis an gcinneadh ó tá an Rialtas céanna tar éis athbhreithniú poiblí a fhógairt 14 lá ó shin maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, athbhreithniú go bhfuil ról agus feidhmeanna Oifig an Choimisinéara Teanga ag a chroílár. An bhfuil fiúntas ar bith ann don phobal páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo más rud e go bhfuil na cinntí déanta cheana féin?

“Ó ceapadh agus athcheapadh Seán Ó Cuirreáin ina Choimisinéir Teanga le déanaí, ní foláir a luaigh go bhfuil dul chun cinn dochreidte déanta ag an oifig s’aige i dtaca le monatóireacht ar chomhlachtaí poiblí lena chinntiú go gcomhlíonann siad forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla, tá siad tar éis aon sárú den Acht a thuairisc an pobal dóibh a imscrúdú, agus tá siad tar éis comhairle den chéad scoth a chur ar fáil don phobal maidir lena gcearta teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Creideann pobal na Gaeilge i neamhspleáchas na hoifige, tá muinín acu aisti, agus tá seo anois á chur i mbaol ag an Rialtas.”

Arsa Éamonn Mac Niallais, Urlabhraí Ghuth na Gaeltachta: “Tá sé dochreidte go bhfuil a leithéid de chinnidh á ghlacadh agus muid ag cur tús le feidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030 de chuid an Rialtais. Níl bun ná barr leis an chinneadh agus beidh an-amhras go deo ar phobal na Gaeilge go bhfuil an Rialtas seo dáiríre faoi phleanáil go straitéiseach do phobal na teanga ar chor ar bith anois.

“Cén teachtaireacht atá seo ag tabhairt don Státchóras a bhfuil pobal na Gaeilge ag lorg a gcearta uaidh leis na cianta? ‘Séard atá á rá nó nach bhfuil tábhacht leis an oifig neamhspleách seo agus de bhrí sin, nach bhfuil sé tábhachtach go gcuirfí an Acht Teanga i bhfeidhm.

“Níl sábháil ar bith le déanamh. Ní chaillfidh duine ar bith a bpost. Le fírinne an scéil a insint, beidh costas breise ar an státchiste más amhlaidh go ndéanann siad iarracht an fhoireann reatha a bhogadh go hOifig an Ombudsman i mBaile Átha Cliath. Fiú nuair a bhreathnaigh an Bord Snip ar an cheist seo, mhol siad an Oifig a fhágáil mar atá. Tá roinnt ceisteanna le cur mar sin. Cé a rinne an moladh seo?  Cén chosaint a rinneadh laistigh den Roinn féin ar Oifig an Choimisinéara nuair nach bhfuil aon loighic ó thaobh sábháilteachtaí airgid leis an chinneadh? Cén dearcadh atá ag an Rialtas seo agus ag an Státchóras ar chearta na gcainteoirí Gaeilge in Éirinn?”

Tá Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag éileamh ar an Taoiseach agus ar an Tánaiste, atá spéis mhór acu beirt féin sa Ghaeilge agus i bpobal na teanga, an cinneadh seo a fhreaschuir agus tacú le hobair mhaith, éifeachtach, neamhspleách Oifig an Choimisinéara Teanga.

© 2011 donegaldaily.com, all Rights Reserved

The copying, republication or redistribution of donegaldaily.com Content, including by framing or similar means, is expressly prohibited by law.

Follow us on www.twitter.com/donegaldaily

Follow us on www.facebook.com/donegaldaily

Sell anything on www.donegaldailyclassifieds.com

CROÍ NA hACHTA TEANGA 2003 LE BAINT AG AN RIALTAS NUAIR A DHÚNFAR OIFIG AN CHOIMISINÉARA TEANGA was last modified: November 17th, 2011 by admin
FacebookTweetLinkedInPrint
admin

LEAVE A COMMENT

You may also like

Nora’s Rose Garden to again raise funds...

9 hours ago

Two cars seized from uninsured drivers in...

10 hours ago

Specsavers Donegal highlights simple steps to protect...

11 hours ago

Donegal confirmed to play Louth next Sunday...

12 hours ago

Car in Derry hit-and-run fled over Donegal...

13 hours ago

Busy week for Killybegs as first of...

13 hours ago

Donegal Senator calls on ETB to provide...

14 hours ago

Some parts of Mayo as far from...

15 hours ago

Dangerous driving or anti-social behaviour will not...

16 hours ago

National: Pre-excavation work to begin today at...

17 hours ago
Advertisement
Advertisement

Donegal County Council

Facebook
Donegal County Council
Advertisement
Advertisement
Donegal Daily Jobs

Read More

  • News
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Sales & Services
  • Obituaries
  • Features
  • Business
  • Politics
  • Council News

Information

  • Contact Us
  • About
  • Advertise WIth Us
  • Privacy Policy
  • Disclaimer
  • Terms & Conditions

Our Sites

Donegal Woman
Donegal Woman
Donegal Daily

© 2025 Donegal Daily. All rights reserved.
Website by owenod


Back To Top.

We use cookies to ensure that we give you the best experience on our website. If you continue to use this site we will assume that you are happy with it.OkPrivacy policy