Donegal Daily
  • News
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Business
  • Lifestyle
  • Travel
  • Politics
  • Features
  • Donegal County Council News
Monday 17°CTuesday 19°C

Donegal Daily Donegal Daily

sponsor banner
sponsor banner
  • News
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Business
  • Lifestyle
  • Travel
  • Politics
  • Features
  • Donegal County Council News
News

CRUINNIÚ DE BHORD AN ÚDARÁIS SA DAINGEAN

written by admin April 21, 2012
FacebookTweetLinkedInPrint

Ag éirí as próiseas earcaíochta do phost Príomhfheidhmeannaigh ar Údarás na Gaeltachta, chinn Bord an Údaráis, Steve Ó Cúláin a cheapadh mar Phríomhfheidhmeanach ar Údarás na Gaeltachta, faoi réir socruithe conartha a bheith aontaithe.

Tá Steve Ó Cúláin fostaithe faoi láthair san Údarás mar Ardbhainisteoir Pleanála agus Polasaí.

Thosaigh sé ag obair le hÚdarás na Gaeltachta i 1980 agus tá taithí leathan aige ag plé le gníomhaíochtaí agus tograí éagsúla sna réimsí forbartha gnó, turasóireachta cultúrtha, forbartha pobail, teanga agus cultúr ar fud na gceantair Ghaeltachta. Is as Bothúna, An Spidéal ó dhúchas é.

Agus é ag fógairt an cheapacháin inniu, ghlac Cathaoirleach an Údaráis, Liam Ó Cuinneagáin buíochas le Seán Ó Labhraí a d’fheidhmigh mar Phríomhfheidhmeannach Gníomhach le tréimhse 16 mí anuas.

Ag an chruinniú Bord ceadaíodh líon tograí ina mbeidh 73 post nua agus infheistíocht iomlán de €3.6m i gceist nuair a bheidh na forbairtí iomlán curtha i gcrích. Cuirfear tuilleadh eolais ar fáil faoi na forbairtí seo in am trátha.

Lena chois sin,

  • cheadaigh an Bord deontas reáchtála €600,000 do Comhar Naíonraí na Gaeltachta Teo le cómhaoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an chomhlachta. Déanann Comhar Naíonraí na Gaeltachta Teo 72 naíonra, ar a bhfreastalaíonn 984 páiste a bhainistiú agus a riaradh. Tá 127 stiúrthóir fostaithe ag an chomhlacht.
  • ceadaíodh deontas reáchtála nach mó ná €285,000 d’Óige na Gaeltachta Teo le tacú leo a gclár imeachtaí a chur i bhfeidhm. Cuireann Óige na Gaeltachta seirbhísí tacaíochta, forbartha, monatóireachta agus árachais ar fáil do chlubanna óige agus do ghrúpaí pobail.
CRUINNIÚ DE BHORD AN ÚDARÁIS SA DAINGEAN was last modified: April 21st, 2012 by admin
FacebookTweetLinkedInPrint

Tags:
CRUINNIÚ DE BHORD AN ÚDARÁIS SA DAINGEAN
admin

LEAVE A COMMENT

You may also like

Conwal Singers to perform Letterkenny Summer Concert...

13 hours ago

Donegal school secretaries and caretakers to consider...

16 hours ago

National: Man arrested for suspected attempted murder...

19 hours ago

Lough Swilly RNLI comes to assistance of...

19 hours ago

Gardaí seize three cars from uninsured drivers...

21 hours ago

National: Forensic analysis of Michael Gaine farmyard...

21 hours ago

Campfire believed to have caused Dunfanaghy gorse...

22 hours ago

Boy, 7, dies after getting into difficulty...

23 hours ago

Mercury could soar to 24 degrees in...

1 day ago

Donegal drunk driver clocked at over twice...

1 day ago
Advertisement
Advertisement

Donegal County Council

Facebook
Donegal County Council
Advertisement
Advertisement
Donegal Daily Jobs

Read More

  • News
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Sales & Services
  • Obituaries
  • Features
  • Business
  • Politics
  • Council News

Information

  • Contact Us
  • About
  • Advertise WIth Us
  • Privacy Policy
  • Disclaimer
  • Terms & Conditions

Our Sites

Donegal Woman
Donegal Woman
Donegal Daily

© 2025 Donegal Daily. All rights reserved.
Website by owenod


Back To Top.

We use cookies to ensure that we give you the best experience on our website. If you continue to use this site we will assume that you are happy with it.OkPrivacy policy