Saothar cruthaitheach próis. Fáilte roimh úrscéalta, nóibhillí agus cnuasaigh ghearrscéalta. Duaischiste: €10,000. Spriocdháta iontrála: Dé Luain, 3 Meán Fómhair, 2012.
Tá áthas ar Chló Iar-Chonnacht a fhógairt go mbeidh comórtas scríbhneoireachta á reáchtáil againn i mbliana do scríbhneoirí Gaeilge.
Fáilteofar roimh phrós cruthaitheach nuascríofa, nár foilsíodh cheana, de gach cineál ó úrscéalta go nóibhillí agus cnuasaigh ghearrscéalta, idir shaothair do dhaoine fásta agus saothair do dhaoine óga.
Duaischiste de €10,000 atá sa sparán le dáileadh ar na buaiteoirí agus tá sé i gceist go roinnfí an pota idir triúr buaiteoirí.
Bronnfar €5,000 ar an té a bhainfidh an chéad áit amach, €3,000 ar an scríbhneoir sa dara háit agus €2,000 ar an saothar a thiocfaidh sa tríú háit.
Cuirtear fáilte roimh scríbhneoirí ar foilsíodh saothar leo cheana agus roimh scríbhneoirí nua cur isteach ar an gcomórtas.
Déanfar iarracht freisin aird speisialta a thabhairt ar scríbhneoirí nua chun iad a spreagadh chun pinn.
Is mar chuid d’iarrachtaí leanúnacha Chló Iar-Chonnacht spreagadh a thabhairt do scríbhneoirí na Gaeilge atá an comórtas seo á reáchtáil.
Tá an comórtas á reáchtáil le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon.
Ag labhairt dó faoin gcomórtas nua seo, dúirt an scríbhneoir Micheál Ó Conghaile, bunaitheoir Chló Iar-Chonnacht, “Is mór an spreagadh a thugann comórtais agus na duaiseanna a ghabhann leo do scríbhneoirí, go háirithe do scríbhneoirí óga nó scríbhneoirí nua nár fhoilsigh leabhar cheana. Is mór an cúnamh é go minic spriocdháta a bheith ar intinn an scríbhneora leis an obair atá idir lámha aige/aici a chríochnú. Is mór an spreagadh a thugann sé duais a bhaint amach, an mothúchán sin go bhfuil meas faoi leith ag daoine eile ar an saothar a thagann óna bpeann”.
Tabhair cuairt ar an leathanach nuachta ar ár suíomh idirlín,
http://www.cic.ie/article.aspx?id=313, le liosta iomlán na rialacha a fháil chomh maith le treoir bhreise agus foirmeacha iarratas.
Tags: