Donegal Daily
  • News
  • Donegal For Sam
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Business
  • Lifestyle
  • Travel
  • Council News
  • Politics
  • Features
Friday 19°CSaturday 18°C

Donegal Daily Donegal Daily

sponsor banner
sponsor banner
  • News
  • Donegal For Sam
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Business
  • Lifestyle
  • Travel
  • Council News
  • Politics
  • Features
NewsSport

FOIRNE GAELTACHTA AG ULLMHÚ DO CHOMÓRTAS PEILE NA GAELTACTA 2012

written by admin May 9, 2012
FacebookTweetLinkedInPrint

Don dara bliain as a chéile beidh muintir Thír Chonaill ag reáchtáil
Chomórtas Peile na Gaeltachta ach i mbliana is iad muintir Ghaoth
Dobhair i gceartlár Thír Chonaill a bheith ag obair go dian chun
comórtas na bliana seo a reáchtáil ón 1-4 Meitheamh 2012.

Bhí an-tóir ar Chomórtas Peile na Gaeltachta le blianta fada anuas le
foirne ó Chionn Mhálanna go Carn Uí Néid ag glacadh páirte sa
chomórtas seo a bhíonn ar siúl i nGaeltachtaí éagsúla gach bliain.

I mbliana beidh na sluaite ó na Gaeltachtaí éagsúla timpeall na tíre
mar aon le foireann  as Baile Átha Cliath, ‘Na Gaeil Óga’ agus
foireann Laochra Loch Lao as Béal Feirste ag tabhairt aghaidh ar
cheantar Ghaoth Dobhair.

I measc na gClubanna Gaelachta éagsúla ar fud na tíre a ghlacann páirt
sa chomórtas go rialta bíonn foirne as Rinn Ó gCuanach agus An tSean
Phobail as Gaeltacht na nDéise, foireann as Gaeltacht Ráth Cairn i
gContae na Mí, Piarsaigh na Droimaide agus An Ghaeltacht as Gaeltacht
Chiarraí, Baile Bhuirne agus Béal Átha an Ghaorthaidh as Gaeltacht
Chorcaí, Gleann Cholm Cille, Cloch an Fhaola, Na Dúnaibh, agus
foireann Chill Chartha, agus ar ndóigh an fhoireann as baile Ghaoth
Dobhair, i  nGaeltacht Dhún na nGall.

I láthair freisin bíonn Oileán Árainn agus foirne as Conamara  mar aon
le foirne Bhéal an Mhuirthead, Thuar Mhic Eadaigh agus Bhaile an
Chaisil as Gaeltacht Mhaigh Eo.
San iomaíocht freisin bíonn foireann Mhóin Dearg as Londain Shasana,
foireann a rinne iarracht freastal ar an gcomórtas le blianta fada
anuas.

Beidh puball mór curtha in airde in aice leis an bpáirc, áit a mbeidh
neart imeachtaí sóisialta idir cheol, amhránaíocht agus damhsa ar
siúl.

Más peil, ceol, damhsa nó blas don chultúr áitiúil atá á lorg agat
tabhair d’aghaidh ar Ghaoth Dobhair deireadh seachtaine na Cincíse
agus cuimhnigh is deis iontach í seo do dhaoine  na canúintí difriúla
ó na Gaeltachtaí éagsúla ar fud na tíre a chloisteáil in atmaisféar
sóisialta.

Tuilleadh eolais maidir le himeachtaí le fáil ag na sonraí teagmhála thíos: Cathaoirleach – Seán Ó Fearraigh –087 2441842

 

FOIRNE GAELTACHTA AG ULLMHÚ DO CHOMÓRTAS PEILE NA GAELTACTA 2012 was last modified: May 9th, 2012 by admin
FacebookTweetLinkedInPrint
admin

LEAVE A COMMENT

You may also like

Debutant Hans on the mark as Harps...

31 minutes ago

Donegal’s DJ Ois Bosh to hit the...

2 hours ago

Gallen Hotel Group unveils August wedding showcases

3 hours ago

Revealed: New Lillie’s restaurant opens in Letterkenny...

3 hours ago

The Perfect Match: Highland Motors go green...

4 hours ago

Permission sought for new caravan park for...

5 hours ago

Tír Chonaill AC to host road race...

6 hours ago

Plans for five new glamping pods in...

6 hours ago

Bundoran RNLI issues call to vintage and...

7 hours ago

National pension authority creating 35+ jobs in...

8 hours ago
Advertisement
Advertisement

Donegal County Council

Facebook
Donegal County Council
Advertisement
Advertisement
Donegal Daily Jobs

Read More

  • News
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Sales & Services
  • Obituaries
  • Features
  • Business
  • Politics
  • Council News

Information

  • Contact Us
  • About
  • Advertise WIth Us
  • Privacy Policy
  • Disclaimer
  • Terms & Conditions

Our Sites

Donegal Woman
Donegal Woman
Donegal Daily

© 2025 Donegal Daily. All rights reserved.
Website by owenod


Back To Top.

We use cookies to ensure that we give you the best experience on our website. If you continue to use this site we will assume that you are happy with it.