Donegal Daily
  • News
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Business
  • Lifestyle
  • Travel
  • Politics
  • Features
  • Donegal County Council News
Tuesday 16°CWednesday 16°C

Donegal Daily Donegal Daily

sponsor banner
sponsor banner
  • News
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Business
  • Lifestyle
  • Travel
  • Politics
  • Features
  • Donegal County Council News
NewsSport

COMÓRTAS PEILE NA GAELTACHTA

written by admin June 2, 2012
FacebookTweetLinkedInPrint

UPDATED: COMÓRTAS PEILE NA GAELTACHTA – CLG GHAOTH DOBHAIR

Sóisir. Scór deiridh.
An Tearmann 3-22 Na Gaeil Óga 0-03

Cluiche aontaobhach go leor, An Tearmann níos láidre ó thús go deireadh. Fuair Paddy Mc Daid agus Aodán Mac Suibhne cúl an duine sa chéad leath. Is é Henry Geff a fuair an dá phointe do na Gaeil Óga.
Ag tús an dara leath d’aimsigh Dáire Mac Daeid cúl don Tearmann agus thosaigh na scóranna ag teacht go tiubh agus go tréan ó sin go deireadh. Is é Eoghan Mac Aodha a fuair pointe do na Gaeil sa dara leath.

Sinsir. Scór deiridh.
An Daingean 2-13 An Cheathrú Rua 2-9

Sa chéad leath, bhí An Daingean láidir le cuidiú na gaoithe. Cuireadh neart seanseanna amú. Bhí seans ag Peadar Ó Conghaile ar chúl do CR ach chuir sé ar foraíl é. Chuir An Cheathrú Rua 7 n-iarracht ar foraíl agus 5 iarracht ar foraíl ag an Daingean.

Ag tús an dara leath bhí 10 mbomaite gan scór. D’aimsigh Niall Ó Briain dhá chúl agus bhí an CR chun tosaigh. Ach fuair An Daingean tréimhse maith ansin agus lár na páirce in uachtar. Fuair Colm B Ó Muircheartaigh cúl. Chuir pointe ó Phól Ó Dubháin an Daingean chun tosaigh ach chothromaigh Cillian De Paor an scór le pointe roimh an deireadh.

In am breise sa chluiche cruaidh seo fuair Dáithí Ó Géibheannaigh an cúl cinniúna don Daingean. Liathróid ard isteach sa bhosca ó chic saor ach thit sí as lámha an chúl báire na Ceathrúin Ruaidh Tomás Ó hAilín agus ghlac Dáithí an deis ar chúl. Bua sa deireadh ag An Daingean.

Sinsir. Scór deiridh.

Clg Chloich Cheann Fhaola 1-17 An Rinn 2-08

Taispeántas mhaith ó churaidh an chomórtais. Tús bríomhar leis an chluiche. D’aimsigh Feargal Ó Ceallaigh cúl chun an Rinn a chur chun tosaigh ach tháinig CCF ar ais le cúpla pointe agus chríochnaigh siad an leath go láidir. Fuair Brian Mac Dhuibh an cúl daofa sa chéad leath.
Sa dara leath fuair CCF ceithre phointe gan freagra agus bhí lámh an uachtar acu ó sin amach. Cé go bhfuair An Rinn cúl ó chic pionóis in am breise, bhí bua maith ag fir Cloich Cheann Fhaola. Sár chluiche acu uilig mar fhoireann, go háirithe Seán Mac Gairbheith.

Réamhbhabhta Sóisir na mBan
Na Gaeil Óga 1-13 Laochra Loch Lao1-05.

Thosaigh na Gaeil Óga go maith le 4 phointe. Fuair Lesley Ni Fhaoláin pointe sa 4ú bomaite. Cic saor ansin le Muireann Ní Dheá sa 6ú bomaite. Lesley Ni Fhaoláin le pointe eile sa 7ú bomaite agus Katie Ní Loinsigh pointe eile sa 9ú bomaite. Sa 14ú bomaite thainig Loachre isteach sa cluiche le pointe ó Bronagh Ni Raithaille agus cúl sa 16ú bomaite. Fuair Caoimhe Ní Craith pointe sa 18ú bomaite agus fuair Caitlin Nic Aoidh pointe eile sa 23ú. Thánig na Gaeil Óga ar ais sa 24ú bomaite le pointe ó Muireann Ní Dheá.

Leath am

Sa cead bomaite den dara leath fuair Muireann Ní Dheá pointe do Na Gaeil Óga agus pointe eile do Katie Ní Loinsigh. Fuair Caoimhe Nic Craith agus Caitlin Nic Aoidh pointe an duine do na Laochra. Sa 12ú bomaite fuair Lesley Ní Fhaoláin cúl agus Muireann Ní Dheá pointe ó cic saor. Ni bhfuair na Laochra scór ar bith ina dhaidh sin. Fuair na Gaeil Óga 4 pointe indhiaidh sin sa 26ú bomaite Lesley Ní Fhaoláin, Niamh Ní Dhroighnáín chead bomaite de am brise, Katie Ní Loinsigh sa dara bomaite agus scór eile do Niamh Ní Dhrighnáin sa 3ú bomaite.

Sóisir.Scór deiridh.
Laochra Loch Lao 2-07 Naomh Náille 1-11
Thosaigh na Laochra go maith, chuaigh siad 3-1 chun tosaigh. Fuair Bréandán Breen cúl do Naomh Náille. Fuair na Laochra cúl ansin ó Phádraig Mac Giolla Bhríde. Ach ansin fuair Naomh Náille 5 phointe roimh leath ama.
Sa dara leath d’aimsigh Seán Mac Corraidh cúl do na Laochra. Bhí cluiche teannta go leor ann, na foirne cothrom sa 17ú, 23ú agus 28ú bomaite. Chuaigh Naomh Náille dhá phointe chun tosaigh ansin. Fuair na Laochra pointe amháin in am breise, ach ní leor é. Bhí an bua ag Naomh Náille le pointe amháin.
Sár chluiche ag Steven Griffen a d’aimsigh 8 bpointe do Naomh Náille.

Sóisir. Cill tSéadhna 0-7 An Cheathrú Rua 3-09
Scóráilithe.
Ceathrú Rua:
Pádraig Ó Flatharta 1-2 Bréandán Ó Loideáin 0-1 Maitiú Ó Domhnaill 1-0 Aonghas Mac Donncha 1-2 Conall Ó Máille 0-1, Pádraig de Paor 0-3

Cill tSéadhna:
Stiofán Ó Gallchóir 0-2, Barra Mac Aindriú 0-2, Mícheál Ó Dúisigh 0-1, Kyle Mac Thomáis 0-1, Alan Ó Ciardha 0-1

Sár-chluiche ag Ciarán Phetie Mac Donncha, Máirtín Ó Conghaile, Mícheál Antaine Ó Loideáin, Conall Ó Máille, Caoimhín Ó Gionáin, Oisín Breathnach, Maitiú Ó Domhnaill, Pádraig Ó Flatharta don Cheathrú Rua.

Séamus Ó Conaire, Alan Ó Ciardha, Kyle Mac Thomáis, Stiofán Ó Gallchóir, Barra Mac Aindriú do Chill tSéadhna.

 

COMÓRTAS PEILE NA GAELTACHTA was last modified: June 2nd, 2012 by admin
FacebookTweetLinkedInPrint

Tags:
COMÓRTAS PEILE NA GAELTACHTANÓTAÍ CLG GAOTH DOBHAIR
admin

LEAVE A COMMENT

You may also like

Mayo star Lee Keegan believes Donegal still...

6 minutes ago

Former Donegal coach Rory Gallagher launches High...

29 minutes ago

Killygordon company gets huge boost with takeover...

54 minutes ago

14 new social homes to be completed...

57 minutes ago

‘Tackling vacancy and dereliction’ – Opening of...

1 hour ago

Tickets for Donegal’s All-Ireland semi-final on sale...

1 hour ago

Watch: Nora’s Rose Garden to bloom this...

11 hours ago

Dangerous driver’s car seized a week after...

12 hours ago

Donegal Person of the Year Ball raises...

14 hours ago

No bridge too far as Fintra road...

14 hours ago
Advertisement
Advertisement

Donegal County Council

Facebook
Donegal County Council
Advertisement
Advertisement
Donegal Daily Jobs

Read More

  • News
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Sales & Services
  • Obituaries
  • Features
  • Business
  • Politics
  • Council News

Information

  • Contact Us
  • About
  • Advertise WIth Us
  • Privacy Policy
  • Disclaimer
  • Terms & Conditions

Our Sites

Donegal Woman
Donegal Woman
Donegal Daily

© 2025 Donegal Daily. All rights reserved.
Website by owenod


Back To Top.

We use cookies to ensure that we give you the best experience on our website. If you continue to use this site we will assume that you are happy with it.OkPrivacy policy