Ag cruinniú de bhord Údarás na Gaeltachta i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall inniu (1 Meitheamh), ceadaíodh líon tograí nua ar fud na gceantar Gaeltachta ina mbeidh 54 post breise nua á gcur ar fáil nuair a bheidh na forbairtí beartaithe curtha i gcrích.
Lena chois sin, cheadaigh Bord an Údaráis:
- maoiniú de €350,000 d’Ealaín na Gaeltachta Teo le cur ar chumas an chomhlachta leanúint leis an chlár oibre i bhforbairt na n-ealaíon sa Ghaeltacht i gcomhpháirtíocht leis an Chomhairle Ealaíon don bhliain amach romhainn;
- caiteachas caipitil de €145,000 le hathchóiriú riachtanach a dhéanamh ar an Mharglann (An Mart), foirgneamh de chuid an Údaráis i nGleann Cholm Cille, lena chur in oiriúint do ghníomhaíochtaí ealaíon, chultúrtha agus spóirt;
- maoiniú de €150,000 do Mhuintearas Teo le cuidiú leis an chomhlacht a chlár oideachais agus oiliúna a reáchtáil.
Chas Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., le baill an Bhoird agus pléadh líon ábhar comhspéise, ina measc, an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge; an Bille Gaeltachta atá á ullmhú faoi láthair; struchtúr agus ceist toghcháin an Bhoird; ról agus feidhmeanna Údarás na Gaeltachta; ciste maoinithe na gComharchumainn agus na gcomhlachtaí pobalbhunaithe agus clár LEADER sa Ghaeltacht.
Rinne an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., an Cathaoirleach Liam Ó Cuinneagáin agus baill an Bhoird comhghairdeas le Steve Ó Cúláin a chuaigh i mbun a chuid dualgais mar Phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta, go hoifigiúil inniu.
ENGLISH VERSION
At an Údarás na Gaeltachta Board meeting in Gaoth Dobhair, Co. Donegal today (1st June), a number of new projects were approved throughout the Gaeltacht which will lead to the creation of 54 new additional jobs when developments are complete.
In addition, the Board of Údarás na Gaeltacht approved:
- funding of €350,000 for Ealaín na Gaeltachta Teo to enable the company to continue its arts development programme in the Gaeltacht in partnership with The Arts Council over the next year;
- capital expenditure of €145,000 for necessary renovation works necessary to ‘An Marglann’ (the Mart), an Údarás-owned building in Gleann Cholm Cille, for the purposes of providing arts, cultural and sporting activities;
- funding of €150,000 for Muintearas Teo to assist the company in the implementation of its education and training programme.
The Minister of State for Gaeltacht Affairs, Dinny McGinley, T.D., met with members of the Údarás Board and a number of issues of common interest were discussed, including, the 20 Year Strategy for the Irish Language, the Gaeltacht Bill which is currently being prepared, the structure and election of the next Údarás Board, the role and functions of Údarás na Gaeltachta, funding for co-operatives and community organisations and the LEADER programme in the Gaeltacht.
The Minister of State, Dinny McGinley, T.D., the Chairman of Údarás na Gaeltachta, Liam Ó Cuinneagáin and members of the Board congratulated Steve Ó Cúláin who officially commenced his duties as Chief Executive of Údarás na Gaeltachta today.
Tags: