Donegal Daily
  • News
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Business
  • Lifestyle
  • Travel
  • Politics
  • Features
  • Donegal County Council News
Tuesday 17°CWednesday 19°C

Donegal Daily Donegal Daily

sponsor banner
sponsor banner
  • News
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Business
  • Lifestyle
  • Travel
  • Politics
  • Features
  • Donegal County Council News
News

ÁR dTEANGA, DO ROGHA! ARSA AONTAS PHOBAL NA GAEILGE LE 12,000 SCOLÁIRE SAMHRAIDH

written by Stephen Maguire June 11, 2012
FacebookTweetLinkedInPrint

Reáchtálfaidh Aontas Phobal na Gaeilge (APG) na ceardlanna feasachta is spreagúla dá chuid go dtí seo le cinnirí agus scoláirí choláistí samhraidh ar fud na tíre arís an samhradh seo, dá misniú agus dá gcumasú chun an Ghaeilge a roghnú, a úsáid agus a spreagadh gach lá mar chuid den fheachtas Ár dTeanga, Do Rogha sna coláistí Gaeilge.

Arsa Aodhán Ó Deá, comhordaitheoir an tseó bhóthair Ár dTeanga, Do Rogha de chuid APG: “Thug an seó bóthair cuairt ar 50 cúrsa Gaeilge i gcaitheamh trí mhí an tsamhraidh seo caite amháin, áit gur labhair foireann spreagúil Chonradh an Gaeilge le níos mó ná 12,000 duine óg maidir lena gcearta teanga agus deiseanna úsáide na Gaeilge lasmuigh den seomra ranga.

Tá sí mar aidhm againn labhairt le fiú níos mó daoine óga arís i mbliana, idir chinnirí agus scoláirí, chun iad a mhisniú agus a chumasú le seirbhís Ghaeilge a lorg ó ranna stáit, ó chomhlachtaí poiblí agus ó institiúidí Eorpacha i gcónaí – is í ár dteanga í an Ghaeilge, is í do rogha-sa í a labhairt.”

Is camchuairt spreagúil feasachta de chuid APG é Ár dTeanga, Do Rogha, seó bóthair atá faoi stiúir Chonradh na Gaeilge, i gcomhpháirt le Comhar na Múinteoirí Gaeilge (CNMG) agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ), agus a fhaigheann tacaíocht ón Roinn Gnóthaí Eachtracha, agus tá an feachtas ag cur daoine óga ar an eolas faoina gcearta teanga sa bhaile in Éirinn agus san Eoraip le cúig bliana anuas.

Cuirtear in iúl do dhaoine óga gur féidir leo aoischárta, ceadúnas tiomána agus pas a fháil i nGaeilge; go bhfuil sé de cheart ag cách an leagan Gaeilge dá n-ainm a úsáid; agus gur féidir cáin ghluaisteáin agus dolaí a íoc ar-líne trí Ghaeilge, mar shampla.

Ní hamháin go spreagann seó bóthair APG daoine óga chun machnamh faoi sheirbhísí oifigiúla a lorg ón stát trí Ghaeilge, ach cuireann Ár dTeanga, Do Rogha na scoláirí samhraidh ar an eolas faoi na háiseanna agus faoi na bealaí spraíúla gur féidir leo leas a bhaint as a gcuid Gaeilge lasmuigh den scoil.

Míníonn Ó Deá: “Scaip Aontas Phobal na Gaeilge 30,000 Gaelchárta ar dhaoine óga ó thosaigh an seó bóthair an samhradh seo caite, cárta lascaine a chinntíonn go mbíonn praghas níos lú á íoc ag Gaeilgeoirí as an mbéile a cheannaíonn siad i gCaptain Americas, nó as an gcluiche ríomhaireachta a dhíolann siad as in GameStop, mar shampla.

Léiríonn a leithéid den Ghaelchárta an Chonartha, nó d’Albam Rí-Rá le ceol comhaimseartha as Gaeilge air, gur féidir an Ghaeilge a úsáid i ngach gné den saol, gach lá, ach gur fúthusan atá sé an cinneadh sin a dhéanamh í a úsáid: Ár dTeanga, Do Rogha!”

Bíonn Conradh na Gaeilge ag cur pobal na Gaeilge ar an eolas faoi na buntáistí a bhaineann le stádas oifigiúil oibre na Gaeilge ag leibhéal na hEorpa; faoi na seirbhísí a bhfuil siad i dteideal a fháil trí Ghaeilge ó chomhlachtaí poiblí in Éirinn faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003; agus faoi na féidearthachtaí fostaíochta agus na deiseanna úsáide a bhaineann leis an teanga san Eoraip agus in Éirinn tríd Ár dTeanga, Do Rogha freisin.

 

ÁR dTEANGA, DO ROGHA! ARSA AONTAS PHOBAL NA GAEILGE LE 12,000 SCOLÁIRE SAMHRAIDH was last modified: June 11th, 2012 by Stephen Maguire
FacebookTweetLinkedInPrint
Stephen Maguire

Stephen Maguire is the co-founder of Donegal Daily. He has worked as a reporter for almost 30 years starting locally with the Donegal Peoples Press before moving to the Mirror Group. He continues to contribute daily to national media outlets including the Irish Times, RTE, the Irish Independent, Irish Sun, Irish Mirror, Irish Star, the Daily Mail and the Examiner.

LEAVE A COMMENT

You may also like

Minister opens new public gathering space at...

10 hours ago

Evelyn’s Easter chick plan hatches over €2K...

10 hours ago

Young Buncrana woman to compete in Miss...

10 hours ago

Watch: British comedy duo’s daring Donegal escapade...

11 hours ago

Trucking For Donegal hauls in amazing amount...

13 hours ago

Almost 9,000 Donegal BISS farm applications submitted...

14 hours ago

Irish fishing leaders seriously concerned by EU–UK...

15 hours ago

Just three people skipped bail in Donegal...

16 hours ago

New hospital in Valencia opens for Irish...

16 hours ago

Roadworks tomorrow on busy Carrigart to Downings...

16 hours ago
Advertisement
Advertisement

Donegal County Council

Facebook
Donegal County Council
Advertisement
Advertisement
Donegal Daily Jobs

Read More

  • News
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Sales & Services
  • Obituaries
  • Features
  • Business
  • Politics
  • Council News

Information

  • Contact Us
  • About
  • Advertise WIth Us
  • Privacy Policy
  • Disclaimer
  • Terms & Conditions

Our Sites

Donegal Woman
Donegal Woman
Donegal Daily

© 2025 Donegal Daily. All rights reserved.
Website by owenod


Back To Top.

We use cookies to ensure that we give you the best experience on our website. If you continue to use this site we will assume that you are happy with it.OkPrivacy policy