Reáchtálfaidh Aontas Phobal na Gaeilge (APG) na ceardlanna feasachta is spreagúla dá chuid go dtí seo le cinnirí agus scoláirí choláistí samhraidh ar fud na tíre arís an samhradh seo, dá misniú agus dá gcumasú chun an Ghaeilge a roghnú, a úsáid agus a spreagadh gach lá mar chuid den fheachtas Ár dTeanga, Do Rogha sna coláistí Gaeilge.
Arsa Aodhán Ó Deá, comhordaitheoir an tseó bhóthair Ár dTeanga, Do Rogha de chuid APG: “Thug an seó bóthair cuairt ar 50 cúrsa Gaeilge i gcaitheamh trí mhí an tsamhraidh seo caite amháin, áit gur labhair foireann spreagúil Chonradh an Gaeilge le níos mó ná 12,000 duine óg maidir lena gcearta teanga agus deiseanna úsáide na Gaeilge lasmuigh den seomra ranga.
Tá sí mar aidhm againn labhairt le fiú níos mó daoine óga arís i mbliana, idir chinnirí agus scoláirí, chun iad a mhisniú agus a chumasú le seirbhís Ghaeilge a lorg ó ranna stáit, ó chomhlachtaí poiblí agus ó institiúidí Eorpacha i gcónaí – is í ár dteanga í an Ghaeilge, is í do rogha-sa í a labhairt.”
Is camchuairt spreagúil feasachta de chuid APG é Ár dTeanga, Do Rogha, seó bóthair atá faoi stiúir Chonradh na Gaeilge, i gcomhpháirt le Comhar na Múinteoirí Gaeilge (CNMG) agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ), agus a fhaigheann tacaíocht ón Roinn Gnóthaí Eachtracha, agus tá an feachtas ag cur daoine óga ar an eolas faoina gcearta teanga sa bhaile in Éirinn agus san Eoraip le cúig bliana anuas.
Cuirtear in iúl do dhaoine óga gur féidir leo aoischárta, ceadúnas tiomána agus pas a fháil i nGaeilge; go bhfuil sé de cheart ag cách an leagan Gaeilge dá n-ainm a úsáid; agus gur féidir cáin ghluaisteáin agus dolaí a íoc ar-líne trí Ghaeilge, mar shampla.
Ní hamháin go spreagann seó bóthair APG daoine óga chun machnamh faoi sheirbhísí oifigiúla a lorg ón stát trí Ghaeilge, ach cuireann Ár dTeanga, Do Rogha na scoláirí samhraidh ar an eolas faoi na háiseanna agus faoi na bealaí spraíúla gur féidir leo leas a bhaint as a gcuid Gaeilge lasmuigh den scoil.
Míníonn Ó Deá: “Scaip Aontas Phobal na Gaeilge 30,000 Gaelchárta ar dhaoine óga ó thosaigh an seó bóthair an samhradh seo caite, cárta lascaine a chinntíonn go mbíonn praghas níos lú á íoc ag Gaeilgeoirí as an mbéile a cheannaíonn siad i gCaptain Americas, nó as an gcluiche ríomhaireachta a dhíolann siad as in GameStop, mar shampla.
Léiríonn a leithéid den Ghaelchárta an Chonartha, nó d’Albam Rí-Rá le ceol comhaimseartha as Gaeilge air, gur féidir an Ghaeilge a úsáid i ngach gné den saol, gach lá, ach gur fúthusan atá sé an cinneadh sin a dhéanamh í a úsáid: Ár dTeanga, Do Rogha!”
Bíonn Conradh na Gaeilge ag cur pobal na Gaeilge ar an eolas faoi na buntáistí a bhaineann le stádas oifigiúil oibre na Gaeilge ag leibhéal na hEorpa; faoi na seirbhísí a bhfuil siad i dteideal a fháil trí Ghaeilge ó chomhlachtaí poiblí in Éirinn faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003; agus faoi na féidearthachtaí fostaíochta agus na deiseanna úsáide a bhaineann leis an teanga san Eoraip agus in Éirinn tríd Ár dTeanga, Do Rogha freisin.