Chaill an club ceann den gcuid sean imreoirí le gairid, bá é sin Seosaimh Ó Gallchóir nó Josie Gallagher as Srath Mairtín, Doirí Beaga. D’imir Josie formhór a chuid peil do na foirne faoi aois ag an am. Bhain sé Craobh na contae faoi 14 i 1967 agus d’imir faoi 16, Mionúr, agus Soisir don chlub.
Déanann muid có-bhrón lena bhean Máire, deartháireacha Seamus, John, agus Neilly, agus a dheirfiúracha Sarah agus Bríd.
Ar dheis Dé go raibh a Anam Uasal.
Campí Samhraidh CLG Ghaoth Dobhair. Tá trí champa a reáchtáil ag Bord na nÓg i mbliana, 9ú-13ú Iúil 6-7bl d’aois; 16ú-20ú Iúil 8-9 bl d’aois agus 23ú-27ú Iúil 10-13bl d’aois. Beidh uasmhéid de 50 páiste ar gach campa. Eolas ó Breandán 087 2938230.
Tags: