Is mór an dochar a dhéanfaidh sé deireadh a chur le toghadh bhord Údarás na Gaeltachta do neamhspleáchas agus cuntasacht na heagraíochta sin, dar le Seanadóir Shinn Féin, Trevor Ó Clochartaigh.
Bhí an Seanadóir as Gaillimh Thiar ag labhairt tar éis foilsiú Bille na Gaeltachta 2012, a dhéanann athchóiriú ar struchtúr & feidhmiú an Údaráis agus a rialóidh straitéisí pleanála teanga sa nGaeltacht agus in gceantair eile den tír.
“Is masla amach is amach é agus céim mhór ar gcúl do phobal na Gaeltachta, deireadh a bheith dhá chur le toghadh Bhord an Údaráis. De réir an Bhille, beidh seachtar den bhord ceaptha ag an Aire, agus ainmneoidh Comhairlí Chontae, a bhfuil limistéir Gaeltachta faoina gcúram, cúigear eile. Ach, is léir ón méid sin go mbeidh an bord – agus an Údarás – go huile is go hiomlán faoi smacht an Aire as seo amach.
“Tá feidhm i bhfad níos tábhachtaí ag an Údarás ná díreach mar eagraíocht teanga. Is eagraíocht í atá freagrach as forbairt eacnamúil, sóisialta agus cultúrtha na Gaeltachta. Tá ionadaíocht poiblí lárnach dó sin agus tá toghcháin poiblí ag teastáil le go bhfeidhmeodh an tÚdarás mar ba chóir agus go mbeadh cuntasacht daonlathach ag baint léi. Laghdaíonn an Bhille seo an tionchar gur féidir leis an bpobal a bheith acu ar fheidhmiú an Údaráis agus inár dtuairim tá sé sin díobhálach do phobal na Gaeltachta.
“Beidh Sinn Féin ag iarraidh an Bhille seo a leasú chun na toghcháin don Bhoird a choinneáil. Táimid chun moladh go ndéanfar é a leasú freisin chun na Coistí Réigiúnacha, a bhfuil deireadh á chur leo sa bhille seo chomh maith, a choinneáil.
“Is maith an rud é go mbeidh bunús reachtúil faoin bpróiséas pleanála teanga agus táimid den dtuairim go bhféadfadh an catagóir nua do Lionraí Gaeilge a bheith dearfach i gceantair taobh amuigh den Ghaeltacht agus i bpobail uirbeacha. É sin ráite, tá imní mhór orainn faoin méid cumhachta atá ag an Aire ó thaobh forghníomhú na bhforálacha seo.
“Is fiú tagairt do na ciorraithe i maoiniú an Údaráis le blianta beaga anuas agus ar an mbúnús sin tá ceisteanna móra ann maidir le acmhainní cuí a bheith ar fáil don Údarás agus na heagrais forbartha pobail a fhaigheann maoiniú uaithi don meádú breise a thiocfaidh ar a gcuid dualgais ó thaobh pleanáil teanga agus fiontraíochta de.
“In ainneoin na gnéithe dearfacha den bhille seo, ní féidir le Sinn Féin tacú leis an reachtaíocht mar atá sé faoi láthair, mar go bhfuil sé riachtanach, dar linn, go mbeadh cuntasacht daonlathach ann don Údarás.”
Tags: