Tá an Seanadóir do chuid Sinn Féin Kathryn Reilly, tar éis Vodafone a cháineadh inniu, tar éis dóibh a ghlacadh go poiblí inné go bhfuil sé níos daoire téacs a sheoladh as Gaeilge, ná as Béarla.
Ag labhairt sa Seanad inniu le linn Ord an Ghnó, dúirt an Seanadóir ón Chabháin go raibh gá don Rialtas, agus do COMREG, a chinntiú go gcuirfear deireadh leis an éagóir seo.
“Dúirt an Taoiseach linn inné go gcuirfear airgead ar fáil chun a chinntiú go mbeidh daoine in ann an Ghaeilge a úsáid le linn uachtaránacht Aontas na hEorpa atá le teacht, agus is maith an rud é sin.”
“Ach cloisimid inniu go bhfuil sé trí n-uaire níos daoire do custaiméirí Vodafone téacs a sheoladh trí Ghaeilge má bhaintear úsáid as an síneadh fada, ná as Béarla. Is léir go bhfuil sé sin éagórach ar Gaeilgeoirí. ”
“Iarraim ar an Rialtas, agus ar Comreg brú a chur ar Vodafone deireadh a chur leis an costais breise seo, agus cothrom na féinne a thabhairt don Ghaeilge.”
Tags: