Ticéidí do Chluiche Ceannais na hÉireann-Peil
Tabharfar tús áite do bhaill fásta na bliana seo ó thaobh dáiliú ticéidí, de réir ticéad amháin do gach ball. Ma bhíonn farasbarr ticéid dheánfar iarracht freastal ar dhaoine eile atá lorg ticéad, baill shoisearach san áireamh. Caithfidh gach duine( cé acu baill iad nó nach beith) gur mian leo ticéad( amháin) a lorg ón fhó-chumann iarratas a dhéanamh , i scríbhinn , tré ríomhphost chuig ticeadgd@gmail.com nó i litir chuig CLG Ghaoth Dobhair, Machaire Gathlán, Na Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, ag tabhairt ainm , seoladh agus uimhir gutháin. Ní ghlacfar le iarrataisnach bhfuil faighte roimh 5.00i.n Dé Ceadaoine 12ú Meán Fomhair.
Tags: