
Donegal County Council and Finn Harps Schools Road Safety Arts Competition launch. Teacher Laura McGowan with her students Rachel Mitchelle, Kevin McColgan, Corey McGettigan and Roisin Brennan as they discuss poster ideas. Back from left are Kevin McHugh, Chantelle Grant, Seamus Neeley, County Manager, Joey O’Leary, Finn Harps Chairman, Frank McBrearty Donegal Mayor, Eamonn Browne, Donegal Road Safety Officer and John Campbell, Finn Harps. Pic: Clive Wasson
Finn Harps Football Club have teamed up with Donegal County Council to assist in the promotion of road safety in the county.
On this occasion, Finn Harps have offered the Donegal Road Safety Working Group a free advertising hoarding in Finn Park to continue its ongoing commitment to raising the awareness of the dangers on our roads.
The road safety advertising hoarding will be designed by a student from one of the county’s national schools through an open art competition.
The competition was officially launched in Lifford by the Mayor Frank McBrearty and County Manager Seamus Neely.
They were accompanied by Finn Harps Chairman Joey O’Leary, John Campbell Secretary Finn Harps and player Kevin McHugh
Speaking at the launch Mayor McBrearty said, “We are delighted with the continued efforts of Finn Harps Football Club to assist us promote greater awareness of the dangers on our roads. This art competition will allow a tremendous amount of road safety learning in the schools and it will be a brilliant reward for the winner to have their work displayed in Finn Park for all to see.”
Entries must be original and the applicant’s own work and should be on paper no larger than A3 size. Details are currently being sent to all national schools in the county and the competition has a closing date of the 22nd February 2013.
Finn Harps Football in the Community Officer John Campbell said today: “Road safety is something we feel very strongly about and this competition offers the club an opportunity to give something back to the communities that support us. I am sure we will see some great artwork submitted and I look forward to seeing the winning design on the hoarding at Finn Park. We are delighted to continue working with Donegal County Council on such and important initiative.”
Information on the competition can be obtained from Eamonn Brown, Donegal County Council on 074 9172 592 or John Campbell, Finn Harps on 083 3820755.
The closing date for the competition is 22nd February 2013 and entries should be sent through the school to: The Road Safety Art Competition, Road Design Office, Donegal County Council, Lifford, Co. Donegal.
******
AS GAEILGE:
23/01/2013
Preas-Ráiteas
Dáta: ****
Daltaí san iomaíocht do spota le Cláirseacha na Finne
Tá Club Sacair Chláirseacha na Finne i ndiaidh dul i gcomhpháirt le Comhairle Contae Dhún na nGall chun cuidiú le sábháilteacht bhóthair a chur chun cinn sa chontae. An iarraidh seo, thairg Cláirseacha na Finne mórchlár fógraíochta saor in aisce i bPáirc na Finne do Mheitheal Sábháilteachta Bóthair Dhún na nGall le leanúint lena rún aird an phobail a dhíriú ar na contúirtí ar na bóithre.
Trí chomórtas oscailte ealaíne dearfaidh dalta ó cheann de na scoileanna náisiúnta sa chontae an fógra margaíochta um shábháilteacht bhóthair. Is iad an Méara Proinsias Mac Briartaigh agus an Bainisteoir Contae Séamus Ó Conghaola a sheol an comórtas go hoifigiúil i Leifear. Ina gcuideachta bhí Joey O’Leary, Cathaoirleach Chláirseacha na Finne, John Campbell Rúnaí Chláirseacha na Finne agus an t-imreoir Kevin McHugh
Agus é ag labhairt ag an tseoladh is é a dúirt an Méara Mac Briartaigh “Tá muid an-sásta leis na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh ag Club Sacair Chláirseacha na Finne cuidiú linn aird an phobail a dhíriú ar na contúirtí ar na bóithre. Cuirfidh an comórtas ealaíne seo go mór leis an fhoghlaim faoi shábháilteacht bhóthair sna scoileanna agus is duais iontach é don bhuaiteoir a obair ealaíne a bheith ar taispeáint i bPáirc na Finne mar a bhfeicfidh achan duine é.”
Caithfidh gach iontráil a bheith go hiomlán úr, déanta ag an iarratasóir é nó í féin, agus ba chóir é a bheith ar pháipéar chan níos mó ná A3. Tá mionsonraí á gcur chuig gach scoil náisiúnta sa chontae san am i láthair agus is é an 22 Feabhra 2013 an dáta druidte don chomórtas.
Dúirt John Campbell, Oifigeach um Shacar sa Phobal de chuid Chláirseacha na Finne, “Tá muid go mór ar son na sábháilteachta bóthair agus tugann an comórtas seo deis don chlub rud éigin a thabhairt ar ais do na pobail a thacaíonn linn. Tá mé cinnte go bhfeicfidh muid obair ealaíne den chéad scoth agus tá mé ag súil go mór leis an dearadh buacach a fheiceáil ar an fhógra poiblíochta i bPáirc na Finne. Tá lúcháir orainn leanúint lenár gcomhoibriú le Comhairle Contae Dhún na nGall ar thogra chomh tábhachtach leis seo.”
Is féidir eolas a fháil faoin chomórtas ó Eamonn Brown, Comhairle Contae Dhún na nGall ar 074 9172 592 nó John Campbell Cláirseacha na Finne ar 083 3820755. Is é an dáta druidte don chomórtas ná 22 Feabhra 2013 agus ba chóir iarratais a chur fríd an scoil chuig: Comórtas Ealaíne Sábháilteachta Bóthair, An Oifig um Dhearadh Bóithre, Comhairle Contae Dhún na nGall, Leifear, Co. Dhún na nGall.
Tags: