Donegal Daily
  • News
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Business
  • Lifestyle
  • Travel
  • Politics
  • Features
  • Donegal County Council News
Friday 20°CSaturday 21°C

Donegal Daily Donegal Daily

sponsor banner
sponsor banner
  • News
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Business
  • Lifestyle
  • Travel
  • Politics
  • Features
  • Donegal County Council News
News

TINTE AITINN: GLAOCH ÚR AR AN PHOBAL LE TINTE AITINN A SHEACHAINT

written by admin April 5, 2013
FacebookTweetLinkedInPrint

Glen fire 8Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag leanstan de bheith ag iarraidh ar úinéirí talún agus ar bhaill den phobal a bheith cúramach i rith na tréimhse d’aimsir thirim seo faoi láthair agus gach rud riachtanach a dhéanamh le tinte aitinn, tinte portaigh, tinte foraoise agus eile a sheachaint.

Tá 62 glaoch amach freagartha ag Seirbhís Dóiteáin Chomhairle Contae Dhún na nGall ón Déardaoin 28 Márta 2013 agus tá go leor ceantracha i mbaol tinte fiáine go fóill mar gheall ar an tréimhse leanúnach d’aimsir thirim. Tá muid ag iarraidh ar gach úinéir talún agus ar bhaill den phobal a bheith ar an airdeall agus fios a chur ar na Seirbhísí Dóiteáin agus Éigeandála gan mhoill má tchíonn siad aon tine as smacht nó aon tine gan mhaoirseacht.

Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall aitheantas a thabhairt d’obair na Seirbhíse Dóiteáin a d’fhreagair cuid mhór glaonna amach le seachtain anuas i gcodanna éagsúla den chontae agus a bhí ag obair i gcoinníollacha iontach dúshlánach go minic. Ba mhaith linn fosta ár mbuíochas a ghabháil leis na pobail éagsúla atá ag fulaingt ó na tinte seo, as an tacaíocht atá tugtha acu don tSeirbhís Dóiteáin.

De réir na haimsire a bhfuiltear ag dréim léi i rith dheireadh na seachtaine i nDún na nGall beidh baol ann go fóill go bhféadfadh tinte aitinn, cnoic agus foraoise a thoiseacht. De bharr an aimsir a bheith chomh tirim sin faoi láthair, tá aiteann, fraoch agus casarnach eile iontach tirim ar fad. D’fhéadfadh tinte spré amach go han-sciobtha agus imeacht ó smacht, rud a chuirfeadh tithe, sealúchais agus b’fhéidir beatha daoine i mbaol. Cuireann na tinte seo isteach fosta ar an fhiadhúlra atá ag pórú agus ag neadú agus, in go leor cásanna d’fhéadfaí go scriosfaí na hainmhithe uilig go háitiúil.

Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall chomh maith a chur i gcuimhne d’úinéirí talún agus do bhaill den phobal gur coir é aon fhásra atá ag fás ar thalamh nach bhfuil saothraithe idir 1 Márta agus 31 Lúnasa, in aon bhliain, a ghearradh, a ghrafadh, a dhó nó a scriosadh ar aon bhealach eile, de réir an Achta Fiadhúlra 1976 agus An Achta Fiadhúlra 2000 (arna leasú).

Tá an Chomhairle ag impí ar an phobal fosta gan bheith ag déanamh rud ar bith a d’fhéadfadh cur le líon na dtinte ag an am seo.

 

TINTE AITINN: GLAOCH ÚR AR AN PHOBAL LE TINTE AITINN A SHEACHAINT was last modified: April 5th, 2013 by admin
FacebookTweetLinkedInPrint

Tags:
TINTE AITINN: GLAOCH ÚR AR AN PHOBAL LE TINTE AITINN A SHEACHAINT
admin

LEAVE A COMMENT

You may also like

A Taste of Italy arrives at Italian...

7 hours ago

Man charged in connection with Killybegs death...

7 hours ago

Dungloe students flying the flag for the...

10 hours ago

Public invited to a very special climb...

11 hours ago

Volunteers assist with two medical emergencies on...

12 hours ago

Letterkenny mourns passing of iconic singer, Dan...

12 hours ago

Letterkenny businessman to be brought home following...

13 hours ago

Bundoran RNLI brings trio to safety in...

13 hours ago

Call for rent freeze on vermin-infested social...

14 hours ago

Promising pilot project weeds out Japanese Knotweed

15 hours ago
Advertisement
Advertisement

Donegal County Council

Facebook
Donegal County Council
Advertisement
Advertisement
Donegal Daily Jobs

Read More

  • News
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Sales & Services
  • Obituaries
  • Features
  • Business
  • Politics
  • Council News

Information

  • Contact Us
  • About
  • Advertise WIth Us
  • Privacy Policy
  • Disclaimer
  • Terms & Conditions

Our Sites

Donegal Woman
Donegal Woman
Donegal Daily

© 2025 Donegal Daily. All rights reserved.
Website by owenod


Back To Top.

We use cookies to ensure that we give you the best experience on our website. If you continue to use this site we will assume that you are happy with it.OkPrivacy policy