Tá sé ráite ag Seanadóir Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh go bhfuil faitíos air go mbeidh droch thionchar ag buiséad na bliana seo ar scoileanna tuaithe arís.
Deir an Seanadóir Ó Clochartaigh gur chóir profáíl tuaithe a dhéanamh chun cinntiú nach ndéantar leatrom éagóireach nó éagcothrom ar phobail agus scoileanna tuaithe.
Deir sé: “Tá na buiséid le déanaí tar éís titim go trom ar scoileanna tuaithe.
“Ciallaíonn athruithe sa gcoibhneas dalta-múinteoir go bhfuil múinteoirí caillte ag cuid mhaith scoileanna fad is atá gearradh siar déanta ar sholáthar iompar scoile. Níor iompaíodh siar na ciorruithe DEIS i scoileanna tuaithe ach an oiread.
“Is é an staid i gcuid mhaith ceantair anois ná go bhfuil raon leathan aoiseanna dhá dteagasc in aon seomra amháin le raon leathan ábhair idir láimhe i ngach rang acu.
“Tá cúrsaí teanga agus riachtanais speisialta ag fulaingt de bharr na gciorruithe. Caithfidh cuid mhaith príomhoidí teagasc chomh maith le strachailt le ualach trom riaracháin freisin.
“Tá mé ag iarraidh ar an Aire Oideachais Ruairí Quinn an tuairisc Luach ar Airgead do Scoileanna Beaga a fhoilsiú agus soiléiriú a thabhairt céard é straitéis na Roinne maidir le comhnascadh scoileanna.
“Tá amhras orm go mbeidh scoileanna beaga thíos leis an gcéad bhuiséad eile arís agus tá mé ag impí ar an rialtas cinntiú go ndéantar profáil tuaithe chun cinntiú nach gcuireann sé isteach go diúltach nó go heagcothrom ar phobail nó scoileanna tuaithe.”
Tags: