Bain triail as an dúshlán ó Chonradh na Gaeilge do dhaoine óga ar fud na tíre.
An Dúshlán
Is í aidhm an dúshláin seo ná daoine óga a spreagadh chun labhairt as Gaeilge amháin do 24 uair a’ chloig: sa bhaile, ar scoil, le siopaí agus gnólachtaí, timpeall an bhaile, le cairde, sa chlub spóirt nó óige agus eile!
An Dáta
Dé Máirt 11 Samhain 2014- nó lá eile a oireann don scoil an tseachtain sin
* Is gá spéis a léiriú roimh 17/10 chun cártaí urraíochta a fháil
* Is gá uimhreacha a dheimhniú roimh 24/10 le cinntiú go bhfaighidh gach dalta pacáiste
Cén Fáth
Seo an tríú bliain de Gaeilge 24. Gach bliain bíonn níos mó scoileanna páirteach agus is breá leis na daltaí an dúshlán
Cuideoidh sé le hintinní na ndaoine óga a oscailt & eispéireas dearfach a thabhairt dóibh maidir le húsáid na Gaeilge ina saoil.
Beidh na mílte ag glacadh páirte ann. Táimid ag tnúth le breis is 200 scoil i mbliana agus 20,000 dalta
Céard a fhaigheann na daltaí le cabhrú leo ar an lá???
Táimid ag iarraidh ar gach dalta €10/ £8 a bhailiú don charthanacht.
Gheobhaidh gach dalta an pacáiste thios.
10 Smaoineamh don Mhúinteoir:
- Leag amach clár ama don lá le go leor rudaí éagsúla ag tarlúint sa scoil as Gaeilge
- Déan bratfhógra mór & póstaeir don scoil faoin lá
- Tabhair greamáin do gach Múinteoir gur féidir leo labhairt as Gaeilge
- Déan seoladh oifigiúil sa scoil le hAoichainteoir áitiúil le Gaeilge
- Cuir scéal chuig stáisiúin raidió áitiúla faoin dúshlán sa scoil
- Lá Spóirt as Gaeilge/ Turas as Gaeilge nó Físeán Ceoil a thaifeadadh as Gaeilge
- Eagraigh cluichí ar nós Scrabble, Comhaireamh Síos, An Crochadóir as Gaeilge
- Can amhráin i nGaeilge i lár an bhaile
- Scaip bileoga le frásaí úsáideacha ar shiopaí áitiúla is ar thuismitheoirí. Mínigh go bhfuil ról ag gach duine an dúshlán a chur i gcrích (is féidir le daltaí siopaí a roghnú mar thionscnamh/ obair bhaile sna seachtainí roimh ré)
- Nasc le scoileanna eile atá ag tabhairt faoin dúshlán don lá- skype as Gaeilge
Cá dTéann an Brabús?
Tabharfar gach brabús do Chonradh na Gaeilge chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge ar fud na hÉireann. Tá Conradh na Gaeilge cláraithe mar charthanacht: Uimhir Charthanachta: CHY 3094.
Caitheadh an Brabús ó 2013 ar chúpla tionscnamh faoi leith:
Forbairt Stiúideo Raidió Rí-Rá:
Stáisiún raidió dírithe ar dhaoine óga. Seinntear gnáthcheol ar an stáisiún ach bíonn an chaint as Gaeilge. Ceannaíodh trealamh breise don Stiúideo
Lá Mór na Gaeilge:
10,000 ar na sráideanna ag siúl ar son Cearta Teanga- An méid is mó le 50 bliain anuas. Caitheadh airgead ar eagrúcháin. m.sh. bratacha & póstaeir
& go leor leor eile
Conas gur féidir liom Clárú
Is féidir clárú ag an nasc seo
Muna bhfuil na sonraí ar fad ar eolas agat is féidir an fhoirm a líonadh amach agus na sonraí a dheimhniú linn roimh Dé hAoine 24/10/14
Déan teagmháil linn le huimhreacha a dheimhniú nó le ceist ar bith:
+353 (0)1 4757401 | Gaeilge24@cnag.ie