D’fhógair an fear gnó Pádraig Ó Céidigh ar maidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta go raibh sé ag seasamh don Seanad ar phainéal Ollscoil na hÉireann.
In agallamh ar maidin ar Adhmhaidin, dúirt sé go raibh spéis aige sa pholaitíocht le fada an lá, agus gurb é an rud is tábhachtaí dó go mbeadh sé in ann difríocht a dhéanamh.
“Bhí suim agam sa bpolaitíocht le fada an lá. Tá tionchar an-mhór ag polaitíocht ar gheilleagair eacnamaíochta agus ar phobal na tíre seo. Iarradh orm dhul ar aghaidh don Dáil agus an Eoraip roinnt mhaith bliana ó shin, ach ní raibh sé feiliúnach domsa nó ní raibh mé feiliúnach dó ag an am.”
Maidir lena rogha seasamh don Seanad, dúirt sé gur chuir an Seanadóir Feargal Quinn, atá ag tacú leis, ina luí air gur féidir le duine tionchar mór a bheith acu sa Seanad, go háirithe duine neamhspleách.
“An rud is mó domsa, an mbeinn in ann difríocht a dhéanamh. Níl aon suim agam mo chuid ama a chur amú, díreach ag siúl isteach is amach is ag glaoch Seanadóir orm, níl suim dá laghad agam ansin.”
Dúirt sé go raibh a chuid polasaithe bunaithe ar a chúlra féin.
“Fiontar agus fiontraíocht a neartú agus a láidriú agus deiseanna a thabhairt do dhaoine a gcuid postanna fhéin a chothú agus postanna a chothú do dhaoine eile agus nach mbeadh muid ag brath an oiread agus atá ar chomhlachtaí eachtrannacha ag teacht isteach sa tír seo. Is maith ann iad, ach caithfidh muidne freisin bheith in ann rudaí a dhéanamh muid fhéin.”
Dúirt sé fosta go raibh sé i gceist aige aghaidh a thabhairt ar an deighilt eacnamaíocht atá ann idir Baile Átha Cliath agus ceantracha agus pobal tuaithe na tíre.
“An dara rud atá fíor-thábhachtach domsa an pobal tuaithe, agus an difríocht geilleagair agus acmhainne atá idir ceantracha i mBÁC agus an pobal tuaithe, agus tá mé ag pléigh leis seo le beagnach dhá bhliain anuas.”
Dúirt sé freisin go mbeadh áit lárnach ag cúrsaí oideachais ina chuid polasaithe.
Ainmneofar na hiarrthóirí ar phainéal Ollscoil na hÉireann go hoifigiúil ag meánlae inniu.
Bhí Pádraig Ó Céidigh faoi agallamh inniu ar Admhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.