Donegal Daily
  • News
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Business
  • Lifestyle
  • Travel
  • Politics
  • Features
  • Donegal County Council News
Monday 17°CTuesday 16°C

Donegal Daily Donegal Daily

sponsor banner
sponsor banner
  • News
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Business
  • Lifestyle
  • Travel
  • Politics
  • Features
  • Donegal County Council News
FeaturesNews

DD GAEILGE: COMÓRTAS UÍ CHONAIRE BUAITE AG CAILÍN AS TORAIGH

written by John2 April 21, 2016
FacebookTweetLinkedInPrint

lauren

Is í Lauren Ní Bhaoill a bhuaigh an chéad áit sa chomórtas nua scríbhneoireachta, a reáchtáladh den chéad uair i mbliana i gcuimhne ar Phádraic Uí Chonaire agus ar fhís chultúir 1916.

Is í Lauren Ní Bhaoill, mac léinn Ardteiste ó Thoraigh i nDún na nGall buaiteoir Chomórtas Uí Chonaire, comórtas scríbhneoireachta a d’eagraigh Conradh na Gaeilge do scríbhneoirí faoi bhun 25 bliana d’aois anuraidh.

Is é Lorcán Ó Conchubhair, as Cnoc na Cathrach i nGaillimh a bhuaigh an dara háit, agus roinneadh an tríú duais idir Éadaoin Ní Dhomhnaill, as Inis Meáin agus Gráinne Ní Mhuilneoir as Port Laoise.

Eagraíodh an comórtas i gcuimhne ar Phádraic Ó Conaire, scríbhneoir clúiteach na Gaillimhe agus mar chomóradh ar an bhfís litríochta a bhí ag baill Chonradh na Gaeilge a ghlac páirt in Éirí Amach na Cásca.

Bronnfar duais €1,000 ar Ní Bhaoill, atá i mbun staidéir do scrúduithe na hArdteistiméireachta i gColáiste Cholmcille i dTóraigh. €400 a bhronnfar ar Ó Conchubhair agus roinnfear €250 idir Ní Dhomhnaill agus Ní Mhuilneoir.

“Agus muid ag eagrú an chomórtais seo chun comóradh a dhéanamh ar 1916, mheas muid go raibh sé tábhachtach ceiliúradh a dhéanamh ar fhís chultúrtha na glúine sin agus dul i mbun gnímh freisin a chuirfeadh le feidhm phraiticiúil a thabhairt don fhís sin, trí ghlúin scríbhneoirí óga a spreagadh agus ábhar léitheoireachta comhaimseartha a chur ar fáil do dhéagóirí,” a dúirt Peadar Mac Fhlannchadha, Cathaoirleach Choiste Chontae na Gaillimhe de Chonradh na Gaeilge.

Dúirt sé freisin gur aithníodh “an tábhacht a ghabhann leis an bhféiniúlacht a chruthaítear trí do litríocht féin” agus go bhfuil “gá ann i gcónaí” an litríocht a spreagadh san aos óg.

Ba iad an scríbhneoir agus foilsitheoir Ré Ó Laighléis agus eagarthóir na hirise Feasta, Pádraig Mac Fhearghusa a rinne an mholtóireacht do Chomórtas Uí Chonaire.

DD GAEILGE: COMÓRTAS UÍ CHONAIRE BUAITE AG CAILÍN AS TORAIGH was last modified: April 21st, 2016 by John2
FacebookTweetLinkedInPrint
John2

LEAVE A COMMENT

You may also like

Discover exciting opportunities at TCS Letterkenny Careers...

4 hours ago

Woman avoids conviction for sharing fake image...

4 hours ago

Search for ancient monastery begins in Raphoe

5 hours ago

Gallery: Donegal mum’s Teddy Bear Picnic raises...

6 hours ago

Donegal student one of first on inaugural...

6 hours ago

National: Mary Lou McDonald ‘not ruling out’...

7 hours ago

Police appeal for information on stolen van

7 hours ago

Gardaí issue advice on thefts of boats...

9 hours ago

‘Bridgil’ for Palestine demands government action before...

13 hours ago

TCS staff raise €3,400 for St Colmcille...

14 hours ago
Advertisement
Advertisement

Donegal County Council

Facebook
Donegal County Council
Advertisement
Advertisement
Donegal Daily Jobs

Read More

  • News
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Sales & Services
  • Obituaries
  • Features
  • Business
  • Politics
  • Council News

Information

  • Contact Us
  • About
  • Advertise WIth Us
  • Privacy Policy
  • Disclaimer
  • Terms & Conditions

Our Sites

Donegal Woman
Donegal Woman
Donegal Daily

© 2025 Donegal Daily. All rights reserved.
Website by owenod


Back To Top.

We use cookies to ensure that we give you the best experience on our website. If you continue to use this site we will assume that you are happy with it.