Donegal Daily
  • News
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Business
  • Lifestyle
  • Travel
  • Politics
  • Features
  • Donegal County Council News
Monday 17°CTuesday 16°C

Donegal Daily Donegal Daily

sponsor banner
sponsor banner
  • News
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Business
  • Lifestyle
  • Travel
  • Politics
  • Features
  • Donegal County Council News
News

First language plans approved for Donegal under planning process

written by Stephen Maguire September 22, 2017
FacebookTweetLinkedInPrint

Government Chief-Whip and Minister of State for the Irish language, the Gaeltacht and the Islands, Joe McHugh T.D., announced that the language plans for the Gaeltacht Language Planning Area: Gaoth Dobhair, Anagaire, Rann na Feirste and Loch an Iúir as well as: Cloich Cheann Fhaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach and Machaire Rabhartaigh have been approved by him under the language planning process.

These are the first plans to be approved under the process since it began in 2014.

It means that the implementation of the language plans in those three particular areas will begin soon.

Údarás na Gaeltachta will work in conjunction with the three lead language planning organisations to commence the implementation of the language plans in the areas before long.

Subject to the provision announced at the beginning of April, an allocation of up to €100,000 will be provided over a period of 12 months in respect of each area for which a language plan is approved in order to begin implementing the plans in the current year.

This allocation will include a salary for a Language Planning Officer to be employed by the lead organisations as required, to assist the implementation of the agreed plans.

Speaking at an event in Amharclann Ghaoth Dobhair, organised to recognise the commencement of the most important phase of the process, namely the implementation of the language plans, the Minister of State said that the fact that the implementation of the language plans is about to begin in three separate Gaeltacht areas is a great step forward.

He said: “The approval of these plans means that the most important phase of the process has begun, that being the implementation of the language plans in which the requirements as they are identified locally will be outlined. The allocation of up to €100,000 for each area means that the Gaeltacht communities will now be able to put their plans into action and have a greater influence than ever on the state of the Irish language, with ongoing assistance from my Department, Údarás na Gaeltachta and other stakeholders.

“I would like to congratulate the three lead organisations who began this language planning process in the first place in Gaoth Dobhair, Anagaire, Rann na Feirste and Loch an Iúir, Cloich Cheann Fhaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach and Machaire Rabhartaigh in Donegal and in Cois Fharraige in the Galway Gaeltacht. This was a new process for these Gaeltacht communities but they approached it with enthusiasm and diligence.

“I understand, of course, that the lead language planning organisations will launch their own language plans locally, so that the communities they serve will learn about the process, the work plan to be agreed and its importance. My Department, working with Údarás na Gaeltachta, will certainly be available to help with that aspect of things in any appropriate way.”

It is anticipated that plans will be prepared in respect of 8 other areas for submission to the Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht between now and the end of the year.

Na chéad pleananna teanga ceadaithe faoin bpróiseas pleanála teanga ag an Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh TD

D’fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh T.D., inniu (Déardaoin) go bhfuil pleananna teanga an Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta: Gaoth Dobhair, Anagaire, Rann na Feirste agus Loch an Iúir chomh maith leis an limistéar: Cloich Cheann Fhaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh, Co Dhún na nGall agus Cois Fharraige i nGaeltacht na Gaillimhe ceadaithe aige faoin bpróiseas pleanála teanga.

Is iad seo an chéad trí phlean atá ceadaithe faoin bpróiseas ar cuireadh tús leis in 2014. Fágann sé seo go mbeidh feidhmiú na bpleananna teanga sna trí cheantar faoi leith ag tosú gan mhoill. Beidh Údarás na Gaeltachta ag dul i gcomhar leis na trí cheanneagraíocht pleanála teanga chun tús a chur le feidhmiú na bpleananna sna ceantair go luath.

Faoi réir an tsocraithe a fógraíodh ag tús mhí Aibreáin, beidh allúntas ar fiú suas le €100,000 thar tréimhse 12 mhí iomlán á chur ar fáil i leith gach limistéir ina cheadaítear plean teanga chun tús a chur le feidhmiú na bpleananna sa bhliain reatha. Cuimseofar san allúntas seo tuarastal Oifigeach Pleanála Teanga a mbeidh na ceanneagraíochtaí in ann a fhostú de réir mar a oireann, chun cabhrú le cur i bhfeidhm na bpleananna aontaithe.

Ag labhairt dó in Amharclann Gaoth Dobhair ag ócáid a eagraíodh chun aitheantas a thabhairt do thosú na céime is tábhachtaí den phróiseas, eadhon, feidhmiú pleananna teanga, dúirt an tAire Stáit gur céim mhór chun tosaigh é go bhfuil tús ar tí a bheith curtha le feidhmiú pleananna teanga i dtrí cheantar Gaeltachta faoi leith.

Dúirt an tAire Stáit: “Le ceadú na bpleananna seo tá tús curtha leis an chéim is tábhachtaí den phróiseas, is é sin cur i bhfeidhm pleananna teanga ina mbeidh na riachtanais leagtha síos de réir mar a aithnítear iad go háitiúil. Leis an allúntas airgid ar fiú suas le €100,000 é in aghaidh gach ceantair, beidh na pobail Ghaeltachta ábalta tosú anois ar fheidhmiú a gcuid pleananna agus tionchar níos mó ná riamh a imirt dá réir ar staid reatha na Gaeilge le cuidiú leanúnach mo Roinne, Údarás na Gaeltachta agus páirtithe leasmhara eile.

“Ba mhaith liom tréaslú leis na trí cheanneagraíocht a thosaigh an próiseas pleanála teanga seo ar an chéad dul síos i nGaoth Dobhair, Anagaire, Rann na Feirste agus Loch an Iúir, i gCloich Cheann Fhaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh i nDún na nGall agus i gCois Fharraige i nGaeltacht na Gaillimhe. Ba phróiseas nua é seo do na pobail Ghaeltachta seo ach thug siad faoi le dúthracht agus le fuinneamh. Tuigtear dom ar ndóigh go mbeidh na ceanneagraíochtaí pleanála teanga ag seoladh a bpleananna teanga féin go háitiúil agus is maith an rud é sin chun go mbeidh na pobail a mbíonn siad ag freastal orthu ar an eolas faoin phróiseas, ar an phlean oibre a bheidh aontaithe agus an tábhacht a bhaineann leis. Is féidir a bheith cinnte de go mbeidh mo Roinn féin i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta ar fáil chun cuidiú leis an ghné sin den scéal cibé bealach a oireann.”

Táthar ag súil leis go mbeidh pleananna i leith suas le 8 limistéar eile réitithe le cur faoi bhráid na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta idir seo agus deireadh na bliana.

CRÍOCH

Fiosrúcháin ó na Meáin:
An Phreasoifig, An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

Guthán: (01) 631 3807 / 3838 / 3848 (direct)

Ríomhphost: press.office@ahg.gov.ie

Suíomh Gréasáin: www.chg.gov.ie

Twitter: @DeptAHG

Nóta don eagarthóir
Den 26 limistéar pleanála teanga Gaeltachta atá aitheanta faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá an próiseas tosaithe i 23 limistéar agus táthar ag súil leis go mbeidh sé tosaithe sna trí limistéar eile faoi dheireadh na bliana, eadhon: Bearna agus Cnoc na Cathrach; Oirthear Chathair na Gaillimhe; agus an tEachréidh.

Táthar ag súil leis go mbeidh pleananna i leith na limistéar a leanas á gcur faoi bhráid na Roinne chun críche faofa faoi Acht na Gaeltachta idir seo agus deireadh na bliana:

· Ciarraí Thiar;

· Ciarraí Theas;

· Na Déise;

· An Cheathrú Rua;

· Múscraí;

· Ceantar na nOileán;

· Dúiche Sheoigheach & Tuar Mhic Éadaigh; agus,

· Conamara Láir.

Maidir leis na bailte seirbhíse Gaeltachta sa Ghaeltacht, bainfidh Údarás na Gaeltachta úsáid as an allúntas thuasluaite ar fiú €735,000 é, chun an próiseas mar a bhaineann sé le hullmhú pleananna teanga sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta: Daingean Uí Chúis, Béal a Mhuirthead agus An Clochán Liath a bhrú chun cinn sa bhliain reatha.

Beidh Foras na Gaeilge ag baint úsáid as an allúntas €115,000 a ceadaíodh dóibh chun an próiseas ullmhúcháin pleananna teanga a bhrú chun cinn i mbliana i gCathair na Gaillimhe, i gCathair Chorcaí, i Leitir Ceanainn, i dTrá Lí agus i nDún Garbhán. Bainfear leas as an gciste chomh maith chun ullmhúchán pleananna i leith na Líonraí Gaeilge: Cluain Dolcáin; Inis, Co. an Chláir agus Baile Loch Riach, Co. na Gaillimhe a bhrú chun cinn.

In éindí leis an gcistíocht phleanála teanga thuasluaite, beidh an clár leathan scéimeanna, bearta agus tionscnamh – atá maoinithe ón státchiste, á gcur i bhfeidhm i gcaitheamh an ama ag an Roinn, ag Údarás na Gaeltachta agus eagraíochtaí Gaeilge, rud a bheidh mar thaca leanúnach don phróiseas pleanála teanga.

Beidh tréimhse fhorfheidhmithe 7 mbliana i gceist le pleananna teanga agus tá sé beartaithe go ndéanfar athbhreithniú eatramhach ar gach plean teanga i mbliain 3 agus athbhreithniú críochnúil i mbliain 6 den chur i bhfeidhm de ghnáth.

First language plans approved for Donegal under planning process was last modified: September 22nd, 2017 by Stephen Maguire
FacebookTweetLinkedInPrint
Stephen Maguire

Stephen Maguire is the co-founder of Donegal Daily. He has worked as a reporter for almost 30 years starting locally with the Donegal Peoples Press before moving to the Mirror Group. He continues to contribute daily to national media outlets including the Irish Times, RTE, the Irish Independent, Irish Sun, Irish Mirror, Irish Star, the Daily Mail and the Examiner.

LEAVE A COMMENT

You may also like

Gallery: Donegal mum’s Teddy Bear Picnic raises...

1 hour ago

Donegal student one of first on inaugural...

1 hour ago

National: Mary Lou McDonald ‘not ruling out’...

1 hour ago

Police appeal for information on stolen van

2 hours ago

Gardaí issue advice on thefts of boats...

4 hours ago

‘Bridgil’ for Palestine demands government action before...

8 hours ago

TCS staff raise €3,400 for St Colmcille...

9 hours ago

Working group established for rebuilding of St...

9 hours ago

Letterkenny woman involved in money fraud given...

9 hours ago

Mainly dry today as temperatures set to...

9 hours ago
Advertisement
Advertisement

Donegal County Council

Facebook
Donegal County Council
Advertisement
Advertisement
Donegal Daily Jobs

Read More

  • News
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Sales & Services
  • Obituaries
  • Features
  • Business
  • Politics
  • Council News

Information

  • Contact Us
  • About
  • Advertise WIth Us
  • Privacy Policy
  • Disclaimer
  • Terms & Conditions

Our Sites

Donegal Woman
Donegal Woman
Donegal Daily

© 2025 Donegal Daily. All rights reserved.
Website by owenod


Back To Top.

We use cookies to ensure that we give you the best experience on our website. If you continue to use this site we will assume that you are happy with it.