Comhar Fhánada & Ghleann Bhairr CTR, Fánaid, Co. Dhún na nGall
Folúntas d’Oifigeach Forbartha
Is comhlacht nua-bhunaithe é Comhar Fhánada & Ghleann Bhairr CTR a bunaíodh mar scáth eagraíocht fhorbartha pobail do cheantracha Fhánada agus Ghleann Bhairr. Beidh an comhlacht seo ag obair leis na coistí forbartha uilig sa mhór cheantar le gníomhaíocht forbartha pobail a aontú / a ullmhú agus a chur i bhfeidhm ar bhonn comhtháite ar son na gcoistí céanna sin agus ar son an phobail.
Tá i gceist ag an chomhlacht Oifigeach Forbartha a earcú le cuidiú le coistí forbartha an cheantair (1) a gcuid pleananna / clár oibre féin mar choistí a chur i gcrích agus (2) tograí forbartha úra a aimsiú i gcomhar leis na coistí sin a mbeidh tionchar dearfach acu ar an cheantar / ar leas coiteann an phobail.
Beidh na tréithe / scileanna / cáilíochtaí seo a leanas ag an iarrthóir a n-éireoidh leis / léi:
- Gaeilge líofa labhartha agus caighdeán maith i scríobh na Gaeilge
- Taithí oibre trí bliana ar a laghad i bhforbairt pobail
- Cáilíocht tríú leibhéal i mbainistíocht, gnó, forbairt pobail nó earnáil ghaolmhara ina bhuntáiste.
- Taithí ag obair le hoibrithe deonacha
- Sár scileanna i gceannaireacht, i mbainistíocht, I gcumarsáid agus sár scileanna idirphearsanta
- Scileanna maithe riaracháin agus ríomhaireachta (Word, Outlook, Excel & rl)
- Scileanna maithe ag scríobh tuairiscí
- Láncheadúnas tiomána glan agus fáil ar charr.
Is post lánaimseartha ar chonradh rollach bliantúil é seo, ag brath ar mhaoiniú a bheith ar fáil.
Íocfar tuarastal sa réimse idir €30,000 agus €35,000 sa bhliain leis an chonradh ag brath ar thaithí. Beidh an post lonnaithe i nGaeltacht Fhánada.
Iarratas chuig:
Seol d’iarratas, mar aon le CV, ar ríomhphoist chuig: gaeltachtbheofhanada@hotmail.com
Eimer Ní Fhrighil
Rúnaí, Comhar Fhánada & Ghleann Bhairr CTR
Caiseal, Fánaid, Contae Dhún na nGall
Dáta deiridh: 10 Meán Fómhair 2021
Tá Comhar Fhánada & Ghleann Bhairr CTR á pháirt mhaoiniú ag Údarás na Gaeltachta