A new high-quality innovation and digital hub, gteic@ Na Rosa, will be officially opened in An Clochán Liath today making it one of the 27 gteic hubs opened or on the verge of opening in the Gaeltacht by the middle of this year.
Government Chief Whip and Minister of State for the Gaeltacht and Sport Jack Chambers T.D., in the company of Údarás na Gaeltachta Chair Anna Ní Ghallachair, will cut the ribbon on the 264 square meter hub that will form part of the Gaeltacht Digital Network.
This is a network of over 30 high speed broadband innovation and digital hubs being developed by Údarás na Gaeltachta in locations throughout the Gaeltacht.
The digital hub is home to 18 shared office spaces, four offices and a canteen.
Users of gteic@Na Rosa can avail of the facilities already available in the building such as a meeting room and café as it has been developed in a unit with an existing supermarket, clothing store, café and retail outlets.
The new hub has gigabyte broadband capability as well as meeting and video conferencing facilities, telephone kiosks and shared creative spaces.
The gteic digital ecosystem is growing rapidly and provides great opportunities for new technology companies to establish or locate in rural Gaeltacht areas and for their employees to benefit from the excellent quality of life available in beautiful areas such as Na Rosa.
A unique feature of the gteic network is that it is developed and operated in collaboration with the local community in these rural areas. gteic@Na Rosa will be managed on behalf of Údarás na Gaeltachta by Comharchumann Theampall Chróine.
Speaking before the opening of the centre, Government Chief Whip and Minister of State for the Gaeltacht and Sport Jack Chambers T.D. “This digital hub is a great resource for the area and will greatly enhance opportunities there. A development like this is very timely given the new possibilities that have emerged for remote working. ”
Anna Ní Ghallachair, Chairperson of the Board of Údarás na Gaeltachta also added “I am very pleased to attend the official opening of gteic@Na Rosa as another digital hub opens and begins operations in the gteic – Gaeltacht Digital Network. The centre will bring economic and employment benefits to the area and will also enhance language initiatives within the locality itself as it has received Gaeltacht Service Town status.”
Speaking Údarás na Gaeltachta Chief Executive Officer Mícheál Ó hÉanaigh said “We at Údarás na Gaeltachta are delighted to develop this wonderful, modern, innovative and attractive hub within our gteic network. gteic@Na Rosa will form part of a vibrant network of high-speed broadband facilities being developed throughout the Gaeltacht. This development will support job creation, provide opportunities for remote workers and enable the Gaeltacht Diaspora to return and take up life at home.”
gteic@Na Rosa is one of nine digital hubs being developed by Údarás na Gaeltachta in the Donegal Gaeltacht with the official launch of gteic@An Tearmann taking place at the beginning of this week.
Gnó ar an gClochán Liath á chur chun cinn
agus gteic@Na Rosa á sheoladh
Osclófar mol nuálaíochta agus digiteach nua ar chaighdeán ard, gteic@Na Rosa, go hoifigiúil ar an gClochán Liath inniu (01.04.2022) agus é ar cheann den 27 ionad gteic atá oscailte nó ar tí oscailte sa nGaeltacht faoi lár na bliana seo.
Is é Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt Jack Chambers T.D., i gcuideachta Chathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Ghallachair, a dhéanfaidh an ribín a ghearradh ar an mol de 264 méadar cearnach a bheidh mar chuid de Ghréasán Digiteach na Gaeltachta – gréasán de os cionn 30 mol nuálaíochta agus digiteach le leathanbhanda ardluais á bhforbairt ag Údarás na Gaeltachta in ionaid ar fud na Gaeltachta.
Tá 18 spás oifige comhroinnte, le ceithre oifig agus ceaintín ar fáil sa mol digiteach seo. Beidh úsáideoirí gteic@Na Rosa in ann tairbhe a bhaint as na háiseanna atá ar fáil sa bhfoirgneamh cheana féin cosúil le seomra cruinnithe agus caifé ó tharla é a bheith os cionn an ollmhargaidh, siopa éadaí, caifé agus mionshiopaí eile atá sa aonad leis. Tá cumas leathanbhanda gigithiotáin ann chomh maith le háiseanna cruinnithe agus físchomhdhála, bothanna teileafóin agus spásanna cruthaitheachta comhroinnte ar fáil san ionad nua seo.
Tá éiceachóras digiteach gteic ag fás go tréan agus ag soláthar deiseanna iontacha do chomhlachtaí nuatheicneolaíochta iad féin a bhunú nó a lonnú i gceantair tuaithe Ghaeltachta agus bainfidh fostaithe tairbhe as an gcaighdeán saoil iontach atá ar fáil i gceantair áille ar nós na Rosann. Gné uathúil a bhaineann leis an ngréasán gteic ná go bhfuil sé á fhorbairt agus á fheidhmiú ar bhonn comhoibríoch leis an bpobal áitiúil sna ceantair tuaithe seo. Is iad Comharchumann Theampall Chróine a dhéanfaidh gteic@Na Rosa a bhainistiú thar ceann Údarás na Gaeltachta.
Ag labhairt dó agus é ag oscailt an ionaid dúirt Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt Jack Chambers T.D.:
“Tá ríméad orm a bheith anseo ar an gClochán Liath agus gteic@Na Rosa á oscailt inniu. Is áis iontach é an mol digiteach seo don cheantar a chuirfidh go mór le na deiseanna atá ar fáil ann. Tá forbairt mar seo thar a bheith tráthúil leis na féidearthachtaí nua atá tagtha chun cinn maidir leis an gcianobair.”
Chuir Cathaoirleach Bhord an Údaráis Anna Ní Ghallachair leis an méid sin:
“Tá lúcháir orm a bheith anseo inniu ag seoladh oifigiúil gteic@Na Rosa agus mol digiteach eile oscailte agus ag feidhmiú i gteic – Gréasán Digiteach na Gaeltachta. Is cinnte go rachaidh an t-aonad seo chun tairbhe don cheantar ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta agus fostaíochta de agus cuirfear le cúrsaí teanga sa cheantar freisin agus an baile ainmnithe mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta le gairid.”
Ag labhairt dó dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh:
“Tá an-áthas orainn in Údarás na Gaeltachta an mol iontach, nua-aimseartha, nuálach agus tarraingteach seo a fhorbairt laistigh dár ngréasán gteic. Beidh gteic@Na Rosa ina chuid de ghréasán bríomhar le háiseanna leathanbhanda ar ardluais atá á bhforbairt ar fud na Gaeltachta. Tacóidh an fhorbairt seo le poist a chruthú, deiseanna a chur ar fáil do chianoibrithe agus cuirfidh sé ar chumas Dhiaspóra na Gaeltachta filleadh agus dul i mbun an tsaoil sa mbaile.”
Tá gteic@Na Rosa ar cheann de naoi gcinn de mhol digiteach atá á bhforbairt ag Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht Dhún na nGall agus seoladh gteic@An Tearmann go hoifigiúil ag tús na seachtaine chomh maith.