All roads from Donegal and Kerry lead to the capital as they prepare to battle it out in the All-Ireland Football Final this Sunday.
On the eve of the All-Ireland Final, Saturday 26 July, RTÉ Raidió na Gaeltachta will broadcast a special programme, Glas agus Buí, live from Pipers Corner in Dublin city centre from 7-9pm.
Hosted by Raidió na Gaeltachta’s Sláine Ní Chathalláin, from their Kerry studio and Damien Ó Dónaill, from their Donegal team, the programme will be packed with live music, fun and good-natured teasing with supporters from both counties, former players, top musicians and other special guests from Kerry and Donegal.
There will be a chance to win two tickets to the All-Ireland Football Final on the night. Everyone is welcome. Join us and wear your green and yellow colours!
On Sunday, July 27th, RTÉ Raidió na Gaeltachta will be at the heart of the action at the All-Ireland Football Final with updates, reports, results, analysis, and live commentary from 2pm.
Tá na Conallaigh agus na Ciarraígh ag triall ar an ardchathair agus iad réidh le aghaidh a thabhairt ar a chéile i gCraobh Peile na hÉireann.
Le ceiliúradh a dhéanamh ar an ócáid mhór seo le dhá chontae Gaeltachta sa chraobh, craolfaidh RTÉ Raidió na Gaeltachta clár speisialta, Glas agus Buí, beo ó Pipers Corner, i gcroílár Bhaile Átha Cliath ón 7–9pm, curtha i láthair ag an gCiarraíoch, Sláine Ní Chathalláin agus fear Thír Chonaill, Damien Ó Dónaill.
Beidh ceol, craic, spraoi agus spochadh, le lucht tacaíochta an dá chontae, iarimreoirí, scoth na gceoltóirí agus aíonna speisialta. Beidh scoth an cheoil ó cheoltóirí lena n-áirítear: Clann Uí Mhaonaigh agus Cathal Ó Curráin as Gaoth Dobhair, Dún na nGall, Clann O’Connor as Sliabh Luachra, chomh maith le neart aíonna speisialta eile as Ciarraí agus Dún na nGall.
Beidh dhá thicéad le buachan do Chraobh Peile na hÉireann ar an oíche. Tá fáilte roimh chách. Bígí linn agus caithígí bhur ndathanna glasa agus buí!
Ar an Domhnach 27 Iúil, beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta i lár an aonaigh ag Craobh Pheile na hÉireann le fáisnéis tuairiscí, torthaí, anailís agus tráchtaireacht beo ó 2.00i.n.