LE BREANDÁN DE GALLAÍ: Tar éis turas deacair agus sos beagnach cúig bliana, tá an seó ar an bhfód anois.
Tháinig Noctú chugam sa bhliain 2004 nuair a bhí orm tionscadal eile de mo chuid, Balor, a chur ar an mhéar fhada mar gur imigh an maoiniú a bhí daingnithe againn (nó sin an rud a tugadh le fios dúinn cibé).
Bhí Riverdance fágtha agam ó 2003 le Balor a chruthú le cara de mo chuid, Joe Csibi, a bhí i mbun scríobh an cheoil.
Is cosúil go raibh an t-airgead ceangailte isteach le ciste ina raibh go leor gnéithe, an scair is mó den airgead le bheith caite sa Spáinn (trí chéad milliún ar réadmhaoin de réir cosúlachta).
Ach mar gheall ar bhuamáil Mhaidrid thit an tóin as an gciste, agus bhí orm féin stop a chur le forbairt Bhalor.
Ní hamháin go raibh costas millteanach pearsanta leis seo ach costas airgeadais chomh maith.
D’fhoghlaim mé ceacht an lá sin a fuair muid an drochscéala go raibh an t-airgead imithe — is é sin go raibh seans maith ann nach mbeadh leithéid Riverdance ann arís… nach mbeadh an cineál maoinithe ná an tacaíocht ar fáil le seó damhsa Ghaelaigh ar an leibhéal sin a chur le chéile, agus dá mbeadh suim agam mo chuid cruthaitheachta a chur ar an ardán ar bhealach ar bith, chaithfeadh an tsamhail a bheith difriúil.
Chuaigh traidhfil blianta thart sula raibh an fuinneamh agam a dhul síos an bóthar sin arís — agus cé gur scríobh mé script Noctú in 2004, bhí 2009 ann sula dtáinig sé isteach i mo chloigeann arís. Go díreach nuair a bhí mé ag cur isteach ar chéim úr dochtúireachta i gcleachtas ealaíon i nDámh Chruinne Éireann Ceol agus Damhsa in Ollscoil Luimnigh, bhuail sé mé go bhféadfaí, b’fhéidir, beatha nó saol a thabhairt do Noctú.
Ardán foscailte tacúil í an Dámh, ina bhfuil daoine neamhchlaonta a bhfuil méin acu tacaíocht a thabhairt lena leithéid a dhéanamh. Shíl mé mar sin féin go mbeadh an taispeántas beag, agus go mbeinn ag brath ar gharanna ó chairde agus ó mhic léinn na hOllscoile atá dílis domhsa agus don damhsa leis an tionscadal a dhéanamh.
Ach fuair RTÉ gaoth an fhocail go raibh mé i mbun oibre ar rud inteach úrnua, agus in éineacht leis an ILBF — a chuir formhór an airgid agus na tacaíochta ar fáil — chuir mé féin agus Stirling Productions togra le chéile le sraith cláracha a dhéanamh ag déileáil le cruthú Noctú.
Le linn na 6 chlár theilifíse, lean Dance Off déanamh Noctú, ó na héisteachtaí go ‘boot camp’, an fhorbairt chruthaitheach agus na cleachtaí don seó úr.
Tháinig an tsraith chun críche nuair a chuaigh 13 dhamhsóir ó Éirinn, Albain, Sasana, an Astráil, Ceanada agus an Ungáir ar an ardán sa Lagan Valley Island Centre, i Lios na gCearrbhach don chéad taibhiú de Noctú ar an 10ú lá de Mheán Fómhair 2010.
Ar an chéad dul síos, bhí mé ag iarraidh go léireodh Noctú bealach eile chun an damhsa Gaelach a chur i láthair. Bhí mé ag feiceáil barraíocht saillte de mhacasamhail Riverdance agus Lord of the Dance.
Is cuma cén seó a rachadh amach os comhair an phobail, bhí na téamaí céanna acu agus bhí a fhios agam go raibh an seánra damhsa ábalta níos mó a chur ar fáil.
Bhí mé ag iarraidh dúshlán a chur faoi na damhsóirí agus iad a spreagadh chun ról seo acu mar thaibheoirí a cheistiú. Bhí mé ag iarraidh am a chaitheamh leofa ag déanamh iniúchadh ar ghothaí, ar choincheapa, ar shlite chun mothúcháin eile a spreagadh sa lucht féachana in ionad gliadair. Bhí mé ag iarraidh téacs a úsáid fosta.
Chomh maith leis an chomhthéacs a athrú, bhí mé, le tamall anuas, ag fiosrú an damhsa é féin — ag ceistiú na gcanónacha agus na bprionsabal atá chomh feiceálach san aeistéitic féin: an cheartingearacht, an cheartseasmhacht, na cosa trasnaí, na ladhracha sínte, na glúine díreach.
Bhí mé cinnte go bhféadfaí an seánra a chur i láthair ar bhealach difriúil ach é a bheith dílis don traidisiún. Glac mé leis chomh maith go raibh sé tábhachtach anáil úr a chur ann agus go raibh sé tábhachtach an traidisiún a bhogadh chun tosaigh.
Is rud cumhachtach é an damhsa agus bhí mé ag iarraidh é a úsáid sa dóigh is go dtiocfadh liom rud inteach a rá fá dtaobh de domh féin mar dhuine cruthaitheach atá ina chónaí in Éirinn sa ré/aois seo.
Nochtann an seó seo fíorscéal an damhsóra Ghaelaigh — ag insint an scéil ó dhearcadh seo acu féin — gan stiúrthóirí ná lucht an airgid ag stiúradh cad ba chóir a bheith mar ábhar an taispeántais.
Bhain mé úsáid as gluaiseacht, scéalaíocht, scigaithris, greann agus tragóid. Amharcann sé ar imeallú agus cuireann sé an cheist — nár chóir go mbeadh spás sa domhan don ilghnéitheacht?
Brúnn sé teorainn inghlactha agus aitheanta an damhsa Ghaelaigh agus fríd radhairc bheaga, nó fínéid, faigheann an lucht féachana deis dul faoi chraiceann iadsan atá gafa agus ag plé le saol an damhsa.
Ar bhealach, tá Noctú dírbheathaisnéiseach.
NOĊTÚ – TUESDAY APRIL 26TH www.angrianan.com