Beidh cluichí Craobh na Contae ar siúl ag an deireadh seachtaine.
Tá Gaoth Dobhair ag imirt in éadan an Tearmann Dé Domhnaigh an 3ú Iúil amuigh ar an Tearmann ag 4.00 in. agus 5.30 in. Tabhair tacaíocht daofa. Uimhreacha Lotto 2, 6, 14, 19.
Bhí buaiteoir amháin le trí uimhir, Jimí Mhicí Ó Gallchoir. Níor imigh an pota óir atá anois €1700. Crannchur CLG Gaoth Dobhair, ticéid €10. Díoltóirí agus tiománaithe ag fágáil an Club Theach gach Luain, Céadaoin agus Aoine ag 6.00in.
Tá tuilleadh cuidiú de dhíth ó na baill agus ó thuismitheoirí Bhord na nÓg. 9 seachtainí fágtha go dtí an crannchur. Comhghairdeas le Kevin, Neil, Eamonn agus na fir uilig ar fhoireann na Contae a raibh an bua acu in éadan Thír Eoghan. Go n-eirí libh sa cluiche ceannais in éadan Doire.
Tags: