Beidh cluichí Craobh na Contae ar siúl ag an deireadh seachtaine.
Bhí buaiteoir amháin le trí uimhir, Jimí Mhicí Ó Gallchoir. Níor imigh an pota óir atá anois €1700. Crannchur CLG Gaoth Dobhair, ticéid €10. Díoltóirí agus tiománaithe ag fágáil an Club Theach gach Luain, Céadaoin agus Aoine ag 6.00in.
Tá tuilleadh cuidiú de dhíth ó na baill agus ó thuismitheoirí Bhord na nÓg. 9 seachtainí fágtha go dtí an crannchur. Comhghairdeas le Kevin, Neil, Eamonn agus na fir uilig ar fhoireann na Contae a raibh an bua acu in éadan Thír Eoghan. Go n-eirí libh sa cluiche ceannais in éadan Doire.