Phós siad i Meitheamh na bliana 1980 agus chuaigh siad go dtí an Iúgslaiv ar mhí na meala.
Sa chlár seo, filleann an lánúin ar ais chuig ionad mhí na meala acu agus amharcann siad dul siar ar na hathruithe, ní amháin sa tír ach ina saol féin thar na blianta.
Spreagann an turas cuimhní agus súil siar ar bhóithrín na smaointe.
Ar na lánúineacha a bheidh rannpháirteach sa tsraith seo, tá lánúineacha as, Cléire, Doire, An Rinn agus Áth Cliath agus iad ag triall arís ar ionaid saoire san Ostair, sa Veinéis, sa gCroáit, sa Spáinn, i gCorn na Breataine, sa mBreatain Bheag, in Inse Gall na hAlban agus sa Daingean.
Tugann an turas an deis dóibh freisin féachaint ar an athrú atá tagtha lena linn ar nósanna pósta agus bainise agus ar institiúid an phósta féin.
Tags: