Donegal Daily
  • News
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Business
  • Lifestyle
  • Travel
  • Politics
  • Features
  • Donegal County Council News
Sunday 16°CMonday 16°C

Donegal Daily Donegal Daily

sponsor banner
sponsor banner
  • News
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Business
  • Lifestyle
  • Travel
  • Politics
  • Features
  • Donegal County Council News
FeaturesNewsSport

TAR AMACH AGUS RITH DON GHAEILGE LE RITH 2012 AG TOISEACHT I nGAOTH DOBHAIR

written by admin January 18, 2012
FacebookTweetLinkedInPrint

Is féile náisiúnta Gaeilge é Rith 2012 a bheidh ar siúl ón 8-17 Márta 2012 i rith Seachtain na Gaeilge.

Is slí nua é Rith 2012 chun teanga agus cultúr na Gaeilge a cheiliúradh go feiceálach i bpobail ar fud na hÉireann agus airgead á bhailiú d’fhorbairt na Gaeilge ag an am céanna.

Beidh baitín sealaíochta lámh-dhearaithe speisialta le teachtaireacht folaithe istigh ann á iompar ag Rith 2012 ó thus go deireadh.

Tógfar céad chéimeanna Rith 2012 i nGaoth Dobhair ar an 8 Márta. I ndiaidh an tsearmanais tionscnaimh, osclófar an Bata agus cuirfear an teachtaireacht tacaíochta don Ghaeilge isteach ann.

Ansin, bronnfar an bata ar rásaí an chéad chiliméadair agus tosóidh an turas…Iomprófar an Bata timpeall na hÉireann ar feadh deich lá, ó mhaidn go hoíche, ar thuras 1000km, trí breis is 200 baile agus 15 gcondae.

Críochnóidh sé ar Lá Fhéile Pádraig in Inis Mór, Árainn, Co. na Gaillimhe agus léifear amach an teachtaireacht tacaíochta seo don Ghaeilge.

Tá cúrsa 1000km leagtha amach chun ollrith sealaíochta a dhéanamh ó Ghaoth Dobhair go hInis Mór leis na míllte duine ag glacadh páirte ann.

Tharla an chéad Rith sa bhliain 2010 nuair a ghlac 20,000 páirt san fhéile.
Níos mó sonraí ar www.rith.ie

COMÓRTAIS
Rannóg A  Bunscoileanna:  Naíonáin – Rang 2, Clubanna óige 4-8
Rannóg B Bunscoileanna: Rang 3– 6  Clubanna óige: aois 9-13
Rannóg C Iarbhunscoileanna: Clubanna óige Aois 13 +
Comórtas 1. Cumadóireacht ó bhéal
Cum rap, dán no amhrán i gcomhair Rith 2012.  Is comórtas grúpa nó
ranga é seo. Ba cheart don ghrúpa nó don rang go léir bheith ag obair
le chéile agus iarratas amháin a chur isteach.
Spriocdháta:   Dé hAoine, 24 Feabhra 2012.

Comórtas 2. Griangraf / Bratacha
Dear agus déan bratacha i gcomhair Rith 2012.  Ansin glac cúpla
grianghraf agus seol chugainn iad chun an dea-obair a thaispeáint.
Ullmhaigh na bratacha roimh an Aoine, 2  Márta 2012

Comórtas 3. Ealaín
Is comórtas aonair é seo. Is féidir le gach duine sa ghrúpa nó sa rang
iarratas a ullmhú.
Rannóg A: Tarraing nó péinteáil pictiúr ‘Mo Cheantar Féin’ agus cuir
teideal air.
Rannóg B: Tarraing nó péinteáil pictiúr a léireoidh míniú ar
logainm(neacha) i do cheantar.
Rannóg C: Dear póstaer (le láimh nó go leictreonach) a léireoidh míniú
ar logainm(neacha) i do cheantar.
Spriocdháta : Dé hAoine, 2 Márta 2012.

Comórtas 4. Scríbhneoireacht
Is comórtas aonair é seo. Is féidir le gach duine sa ghrúpa nó sa rang
iarratas a ullmhú.
Rannóg A: Cuir lipéad nó bolgán cainte leis an bpictiúr. (www.rith.ie/comortais)
Rannóg B: Scríobh scéal faoi Rith 2012. Is féidir fíorscéal nó ficsean
a bheith i gceist.
Rannóg C: Scríobh alt i gcomhair irisleabhair nó nuachtáin faoi Rith 2012.
Spriocdháta: Dé hAoine, 24 Márta 2012.

Duaiseanna :  Clódóirí ó Hewlett-Packard agus cluichí, leabhair agus
CD ó www.udar.ie

TAR AMACH AGUS RITH DON GHAEILGE LE RITH 2012 AG TOISEACHT I nGAOTH DOBHAIR was last modified: January 17th, 2012 by admin
FacebookTweetLinkedInPrint

Tags:
Gaoth DobhairLá Fhéile Pádraigrith 2012Seachtain na Gaeilge
admin

LEAVE A COMMENT

You may also like

Windy Hall Road in Letterkenny to partially...

2 hours ago

End of the road for drunk driver...

3 hours ago

Mountcharles school makes a splash as Green-Schools...

3 hours ago

Kind, brave and gentle ways of Fr...

5 hours ago

Black ‘bog water’ following into homes in...

6 hours ago

Travel and parking advice issued for Donegal...

6 hours ago

Donegal woman calling on Government to prioritise...

6 hours ago

Man who assaulted woman at his home...

8 hours ago

Pursue your passion this autumn with a...

8 hours ago

Crackdown on tints as rally checkpoints expand...

8 hours ago
Advertisement
Advertisement

Donegal County Council

Facebook
Donegal County Council
Advertisement
Advertisement
Donegal Daily Jobs

Read More

  • News
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Sales & Services
  • Obituaries
  • Features
  • Business
  • Politics
  • Council News

Information

  • Contact Us
  • About
  • Advertise WIth Us
  • Privacy Policy
  • Disclaimer
  • Terms & Conditions

Our Sites

Donegal Woman
Donegal Woman
Donegal Daily

© 2025 Donegal Daily. All rights reserved.
Website by owenod


Back To Top.

We use cookies to ensure that we give you the best experience on our website. If you continue to use this site we will assume that you are happy with it.OkPrivacy policy