Comhgháirdeachas Foireann Sinsear Ghaoth Dobhair, Buatóirí Corn Na Gaeltachta, 2012.
Fuair Gaoth Dobhair cic saor agus ghlac Coilín O Fearraigh é.
Gaoth Dobhair 0-1 sa 3ú bomaite.
Fuair Seamus O Gallachor 3 pointe ina dhiaidh a chéile.
Bhí Cuma thuirseach ar Cill tSeadhna. Seo an 4ú chluiche acu.
Bhí an lámh in uachtar ag Gaoth Dobhair i lár na páirce.
Ansin fuair Eamonn Báiréad 0-1 do Chill tSeadhna san 18ú bomaite agus
D’fhreagair Prionnsias Mac Aoidh le pointe eile do Ghaoth Dobhair.
Fuair Coilín Ó Fearraigh cic soar. An scór anois ag an 23ú bomaite,
Gaoth Dobhair 0-6 Cill tSeadhna 0-2
Fuair Shane Ó Loinsigh agus Ultan O Corraighín 2 phointe do Cill tSeadhna.
Thaínig Cill tSeadhna isteach sa chluiche ag deireadh an leath.
Fuair Caoimhín O Casaide 0-1 sa 30ú bomaite.
Bhí imirt mhaith idir Seamus O Gallachoir agus Caoimhín O Casaide.
Fuair Eoin Mac A Bhaird cúl galanta sa 31ú bomaite ina dhiaidh ruathair aonair a dheánamh. D’aimsigh Eamon Bairead cic soar sa 33ú bomaite.
An Scór ag Leath ama sa cluiche sinsireach:
Gaoth Dobhair 1-07 Cill tSeadhna 0-05.
Thit an gaoth sa dara leath agus bhí sé níos teo. Thainig an ghrian amach agus fuair Gaoth Dobhair pointe sa 3ú bomaite.
Ansin bhí seans ag Cill tSeadhna ar cúl ach scaoil sé an liathroid trasna an chúl.
Bhí nios mo ocras ar Cill tSeadhna sa leath seo. Bhí obair mhór le déanamh acu ach bhí Gaoth Dobhair ag cosaint go maith go háirithe Naill agus Eamon Mac Aoidh. Chuir Cill tSeadhna 3 ionadaí isteach sa 10ú mbomaite agus chuir Gaoth Dobhair MichEal Mac Cealbhuí isteach i n-áit Peadar Mac Aoidh.
Fuair Caomhín O Casaide pointe ón imirt sa 11ú bomaite ach d’fhreagair Cill tSeadhna le pointe ó Ultan O Corraighín. Choinnigh Gaoth Dobhair smacht cumasach ar imreoirí maithe Cill tSeadhna, Michéal Mac Suibhne agus Máirtín O Gallachoir go h’áirithe.
Sa 16ú fuair Séan Ó Loinseachan pointe ach d’fhreagair Coilín Ó Fearraigh le pointe do Ghaoth Dobhair.
Fuair Seosamh O Dufaigh pointe breá ón imirt. Thosaigh Cill tSeadhna a theacht ar ais go láidir ag an am seo. Fuair an fhoireann seo 15 cúl i 3 cluiche agus d’aimsigh Mairtín Ó Gallachoir cúl daoibh sa 19ú bomaite.
Ach fuair Gaoth Dobhair seans socrú mar go raibh an réiteoir gortaithe. Chuir Cill tSeadhna isteach ionadaí eile sa 22ú bomaite agus chuir Gaoth Dobhair isteach Sean Condy O Dochartaigh i n-áit Proinnsias Mac Aoidh. Cuireadh isteach Fionnan Ó Duibhir i n-áit Eoghan Mac a Bhaird.
Scóráil Séan Ó Loinnseacháin pointe ó chic saor agus d’fhag sin 3 phointe idir na foirne.
Is cosuil go raibh brú ar imreoirí Ghaodh Dobhair agus chuir said 3 iarracht ar foráil ina dhiaidh a chéile go dtí gur scóráil Caomhín O Casaide pointe a thóg an fhoireann agus an lucht tacaíochta sa 30ú bomaite. Bhí seans maith ag Sean Condy ar cúl ach chuir sé ar foráil é. Bhí cluiche brea ag Seamus O Gallachoir agus chuir sé pointe eile ar chlár an scoranna do Ghaoth Dobhair.
Cosúil leis an chead leath, chríochnaigh Cill tSeadhna go láidir ag deireach an leatha.
Bhí seans ag Michéal Mac Suibhne ar cúl ach rinne Criostóir Mac Suibhne sábháil iontach agus chuaigh an liathroid thar an trasnán. Thainig deireaidh dramatúil ar an chluiche seo nuair a bronnadh cic éirice ar Cill tSeadhna. Scórail Michéal Mac Suibhne an cúl a d’fhag pointe idir na foirne ach tar éis do Chriostoir Mac Suibhne an liathroid a chicéail amach arís, shéid an réiteoir an fheadóg agus d’éirigh an gleo I measc an lucht féachana.
Bhí an bua ag an fhoireann baile leis an scór 1-13; 2-09!
Maith sibh Gaoth Dobhair.
Tags: