Tá lucht eagruithe Loinneog Lúnasa ag cuir gnóthach le na h-ullmhúcháin do dheireadh seachtaine fhada de cheol ,culture & craic I nGaoth Dobhair , i nGaeltacht Dhún na n~Gall. Seo an tríú bliain den fhéile cultúrtha, agus beidh sé ag tarlú ar fud na paróiste ón 8-12 Lúnasa.
Mar pháirt de chlár na bliana seo tá tionól speisialta de phíobairí uilleann áit a mbeidh sraith de imeachtaí eagruithe I gcomhar leis Na Píobairí Uilleann,. Beidh scoth na bpíobairí as fud na tíre ag taisteal le freastail ar cheardlainne agus ceolchoirm le leithéidí Gay McKeon, Tommy Keane, Emmet Gill , Sean Óg Potts agus go leor eile
Beidh oíche speisialta den “Chuisle Seanchais –Abair leat” in Ionad Naomh Pádraig , Dobhar ag cuimhniú ar na bannaí máirseálaí go léir a bhí sa cheantar thar na glúnta.
Mar bhuaicphointí eile den chlár , beidh ceol le amhránaithe cáiliúla idirnáisiúnta chomh maith le tallann óg.
Fillfidh an ceoltóir cáiliúil idirnáisiúnta le Clannad , Máire Ní Bhraonainn le oíche speisialta ceoil a chuir ar fáil I dTabhairne Leo , lena clan óg ceolmhar féin ina cuideachta.
I ndiaidh an ceolchoirm draíochtuil a thug siad i mí Feabhra, fillfidh Mairéad agus Tríona Ní Dhomhnail ar Theach Húdí Bhig do oíche spreagúil eile i gcomhar le Laoise Kelly ar an chláirseach.
Cuirfear tús leis an fhéile le ceolchoirm bríomhar leis an grúpa óg áitiúil An Crann Óg dtígh Mhici i nDoire Beaga. Seo an deis deirneach lena gcluinstin sula dtéann siad thar lear don chead uair le ceolchoirmeacha a dhéanamh sa Ghearmáin ag deireadh mhí Lúnasa!
Tá éagsúlacht de imeachtaí teaghlaigh ag tarlú i rith an lae agus neart seisiún ceoil agus damhsa ins na tábhairní agus óstain áitiúil.
Deir Cathal Ó Gallchóir , ball de choiste eagruithe Loinneog Lúnasa “ Bhí muid ag iarraidh féile a chruthú a dhéanfadh ceiliúir ar an traidisiún láidir atá sa cheantar , ach a dhéanfadh spreagadh ar cheoltóirí óga an traidisiún sin a iompar ar…
Tags: