Donegal Daily
  • News
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Business
  • Lifestyle
  • Travel
  • Politics
  • Features
  • Donegal County Council News
Sunday 15°CMonday 18°C

Donegal Daily Donegal Daily

sponsor banner
sponsor banner
  • News
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Business
  • Lifestyle
  • Travel
  • Politics
  • Features
  • Donegal County Council News
FeaturesNews

BÍGÍ RÉIDH – CEILIRÚDH CAINTE DÉ MÁIRT 11/11/14

written by John2 August 28, 2014
FacebookTweetLinkedInPrint

imageBain triail as an dúshlán ó Chonradh na Gaeilge do dhaoine  óga ar fud na tíre.

An Dúshlán

Is í aidhm an dúshláin seo ná daoine óga a spreagadh chun labhairt as Gaeilge amháin do 24 uair a’ chloig: sa bhaile, ar scoil, le siopaí agus gnólachtaí, timpeall an bhaile, le cairde, sa chlub spóirt nó óige agus eile!

An Dáta
Dé Máirt 11 Samhain 2014- nó lá eile a oireann don scoil an tseachtain sin
* Is gá spéis a léiriú roimh 17/10 chun cártaí urraíochta a fháil
* Is gá uimhreacha a dheimhniú roimh 24/10 le cinntiú go bhfaighidh gach dalta pacáiste

Cén Fáth
Seo an tríú bliain de Gaeilge 24. Gach bliain bíonn níos mó scoileanna páirteach agus is breá leis na daltaí an dúshlán
Cuideoidh sé le hintinní na ndaoine óga a oscailt & eispéireas dearfach a thabhairt dóibh maidir le húsáid na Gaeilge ina saoil.
Beidh na mílte ag glacadh páirte ann. Táimid ag tnúth le breis is 200 scoil i mbliana agus 20,000 dalta

Céard a fhaigheann na daltaí le cabhrú leo ar an lá???
Táimid ag iarraidh ar gach dalta €10/ £8 a bhailiú don charthanacht.
Gheobhaidh gach dalta an pacáiste thios.

10 Smaoineamh don Mhúinteoir:

  1. Leag amach clár ama don lá le go leor rudaí éagsúla ag tarlúint sa scoil as Gaeilge
  2. Déan bratfhógra mór & póstaeir don scoil faoin lá
  3. Tabhair greamáin do gach Múinteoir gur féidir leo labhairt as Gaeilge
  4. Déan seoladh oifigiúil sa scoil le hAoichainteoir áitiúil le Gaeilge
  5. Cuir scéal chuig stáisiúin raidió áitiúla faoin dúshlán sa scoil
  6. Lá Spóirt as Gaeilge/ Turas as Gaeilge nó Físeán Ceoil a thaifeadadh as Gaeilge
  7. Eagraigh cluichí ar nós Scrabble, Comhaireamh Síos, An Crochadóir as Gaeilge
  8. Can amhráin i nGaeilge i lár an bhaile
  9. Scaip bileoga le frásaí úsáideacha ar shiopaí áitiúla is ar thuismitheoirí. Mínigh go bhfuil ról ag gach duine an dúshlán a chur i gcrích (is féidir le daltaí siopaí a roghnú mar thionscnamh/ obair bhaile sna seachtainí roimh ré)
  10. Nasc le scoileanna eile atá ag tabhairt faoin dúshlán don lá- skype as Gaeilge

unnamed-12Cá dTéann an Brabús?
Tabharfar gach brabús do Chonradh na Gaeilge chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge ar fud na hÉireann. Tá Conradh na Gaeilge cláraithe mar    charthanacht: Uimhir Charthanachta: CHY 3094.

Caitheadh an Brabús ó 2013 ar chúpla tionscnamh faoi leith:
Forbairt Stiúideo Raidió Rí-Rá:
Stáisiún raidió dírithe ar dhaoine óga.  Seinntear gnáthcheol ar an stáisiún ach bíonn an chaint as Gaeilge. Ceannaíodh trealamh breise don Stiúideo
Lá Mór na Gaeilge:
10,000 ar na sráideanna ag siúl ar son Cearta Teanga- An méid is mó le 50 bliain anuas. Caitheadh airgead ar eagrúcháin. m.sh. bratacha & póstaeir
& go leor leor eile

 

Conas gur féidir liom Clárú
Is féidir clárú ag an nasc seo
Muna bhfuil na sonraí ar fad ar eolas agat is féidir an fhoirm a líonadh amach agus na sonraí a dheimhniú linn roimh Dé hAoine 24/10/14

Déan teagmháil linn le huimhreacha a dheimhniú nó le ceist ar bith:
+353 (0)1 4757401 | Gaeilge24@cnag.ie

unnamed

BÍGÍ RÉIDH – CEILIRÚDH CAINTE DÉ MÁIRT 11/11/14 was last modified: August 28th, 2014 by John2
FacebookTweetLinkedInPrint

Tags:
CEILIRÚDH CAINTE DÉ MÁIRTspeak Irish
John2

LEAVE A COMMENT

You may also like

An Garda Síochána face legal action over...

46 minutes ago

Gardai seek owner of mountain bike found...

1 hour ago

Rain to give way to mini heatwave...

1 hour ago

Thousands of Donegal fans travel to Roscommon...

2 hours ago

‘Teachmeet’ for early years educators and primary...

14 hours ago

Killybegs to welcome more than 3,500 visitors...

15 hours ago

‘We are both fine’ – Daniel reassures...

17 hours ago

Dog wardens planning patrols across north west...

17 hours ago

Donegal gardaí warn over tarmac scammers using...

19 hours ago

Call for action on ‘eyesores’ at scenic...

19 hours ago
Advertisement
Advertisement

Donegal County Council

Facebook
Donegal County Council
Advertisement
Advertisement
Donegal Daily Jobs

Read More

  • News
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Sales & Services
  • Obituaries
  • Features
  • Business
  • Politics
  • Council News

Information

  • Contact Us
  • About
  • Advertise WIth Us
  • Privacy Policy
  • Disclaimer
  • Terms & Conditions

Our Sites

Donegal Woman
Donegal Woman
Donegal Daily

© 2025 Donegal Daily. All rights reserved.
Website by owenod


Back To Top.

We use cookies to ensure that we give you the best experience on our website. If you continue to use this site we will assume that you are happy with it.OkPrivacy policy