Tá an dráma bunaithe ar shaol agus ar shaothar Shéamuis Uí Ghrianna, an scríbhneoir cáiliúil Gaeilge a scríobh faoin ainm cleite ‘Máire’.
Léiriú bríomhar, nuálach, drámatúil an seó seo ar Shéamus Ó Grianna, duine de mhórscríbhneoirí litríocht na Gaeilge. Tugann Noel Ó Gallchóir carachtair agus eachtraí ó shaothar Uí Ghrianna chun beatha an athuair sa dráma chomh maith le hinsint mhacánta, léirsteanach a thabhairt air mar dhuine agus ar an saol corrach a chaith sé.
Tá idir bhrón agus gháire sa seó ilghnéitheach seo ina bhfaigheann an lucht féachana léargas ar thréimhsí agus ar imeachtaí tábhachtacha i stair na hÉireann mar aon le blaiseadh de roinnt de na scéalta, na dánta agus na hamhráin is saibhre agus is áille a scríobhadh riamh sa Ghaeilge.
Rugadh Séamus Ó Grianna i Rann na Feirste i nGaeltacht Thír Chonaill i 1889. Aistritheoir, file, údar, státseirbhíseach, múinteoir, poblachtánach – fear ilghnéitheach, ildánach. Ó pheann Uí Ghrianna a tháinig roinnt de na saothair is mó cáil sa Ghaeilge san fhichiú haois, ina measc Caisleáin Óir, Cith is Dealán agus Na Blianta Corracha. Aithnítear é go forleathan mar dhuine de na scríbhneoirí is tábhachtaí i stair litríocht na Gaeilge.
Cuireann an seó seo roinnt de na seoda is luachmhaire i gcorpas litríochta Dhún na nGall (agus na Gaeilge) i láthair an phobail ar bhealach taitneamhach, beomhar, cruthaitheach. Tugann sé deis do ghlúin nua cainteoirí Gaeilge na saothair seo a fheiceáil agus iad a léiriú go beo beathach bríomhar.
Bhí tionchar mhór ag scríbhinní Mháire ar chúpla glún Éireannach, ó thuaidh agus ó theas. Baineadh úsaid as a chuid leabhair le Gaeilge a mhúineadh i mBéal Feirste agus in áiteacha eile sna fichidí agus sna tríochaidí. Rinneadh staideár ar ‘Caisléan Óir’ agus ‘Cith is Dealán’ i méanscoileanna ar fud na tíre san Ardteist / A Leibhéal ar feadh blianta fada.
Tá 4 léiriú den drama déanta cheanna féin – i Rann na Feirste ag Samhain 2019, in Amharclann Ghaoth Dobhair ar an 30ú Samhain 2019, i nGort a Choirce ar an 13ú Eanáir 2020 agus sa Ghrianáin i Leitir Ceanainn ar an 16ú Eanáir 2020. Tá an dráma seo feicithe ar thar 1000 duine go fóill.
Tá foireann de 11 páirteach sa léiriú seo: 7 aisteoir, duine ag plé le fuaim, soilsiú, íomhanna agus éide. Noel Ó Gallchóir a scríobh an seó agus is é Noel an príomaisteoir fosta. Tá seachtar páirteach sa dráma – Seán Pól agus Lusaí Nic Gaoithín, Máire Eirini Ioannidis, Colm Mac Giolla Easbuic, Suzanne Uí Ghallchóir, Manus Ó Duibhir agus Noel Ó Gallchóir. Is é Eoghan Mac Giolla Bhríde an léiritheoir.
Chomh maith leo sin, beidh Áodh Óg Ó Duibheannaigh agus Dónal Mac Daibhéid ag ceol ag na h-imeachtaí seo.
Aras Mhic Reachtain, Béal Feirste – 7 Márta 2020 @ 7.30i.n
Teach na hÉigse, Iúr Chinn Trá – 8 Márta 2020 @ 3i.n.
Coláiste Ros Goill, Na Dúnaibh – 11 Márta 2020 @ 8i.n.
Tuilleadh eolais: www.facebook.com/thallisabhus