Is comhlacht pobalbhunaithe é Togra Fiontar & Cultúr Uladh Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta, a fhorbraíonn cúrsaí sóisialta, cultúrtha, teanga, oideachais agus eacnamaíochta i gceantar Mhachaire Rabhartaigh. Faoi láthair tá an comhlacht ag earcú: Bainisteoir (Post Lánaimseartha)
Taithí / Scileanna Riachtanacha:
• Ard scileanna Gaeilge idir labhartha agus scríofa
• Ard scileanna cumarsáide agus idirphearsanta idir labhartha agus scríofa
• Taithí bainistíochta foirne
• Ard scileanna cuntasaíochta/plé le buiséid/párolla
• Tionscnaimh a chomhordú agus a bhainistiú
• Taithí oibre i bhforbairt pobail
• Taithí ag plé le heagraíochtaí áitiúla pobail agus Stáit
• Ceadúnas tiomána reatha agus modh iompair
Dualgais:
• Freagracht a ghlacadh as gach gné de smachtú airgeadais, riarachán, comhfhreagras agus fiosrúcháin an chomhlachta
• Bainistiú a dhéanamh ar Ionad Mhachaire Rabhartaigh, Teach Mhicí Mhic Gabhann, an t-ionad súgartha & leithris phoiblí na céibhe
• Comhoibriú agus ceangal a dhéanamh le grúpaí pobail, eagrais reachtúil agus eagrais stáit
• Pleanáil, forbairt agus comhordú a dhéanamh ar chlár bliantúil imeachtaí sóisialta, oideachais, teanga, cultúrtha agus caitheamh aimsire an chomhlachta.
• Tuairisc mhíosúil a thabhairt don choiste stiúrtha
• Solúbthacht ó thaobh uaireanta oibre
Beidh an té a cheapfar sa phost lonnaithe in Ionad Mhachaire Rabhartaigh. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin phost seol ríomhphost chuig: tografiontar@gmail.com
Tá an post seo á mhaoiniú ag ‘Pobal’ trí an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobal
Iarratais le CV agus litir chumhdaigh roimh 5:00i.n. Dé hAoine an 9ú Aibreán 2021 chuig: An Cathaoirleach, Togra Fiontar & Cultúr Uladh Ctr, Ionad Mhachaire Rabhartaigh, Gort a’ Choirce, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, F92 YF90 nó trí r-phost chuig: tografiontar@gmail.com
Togra Fiontar & Cultúr Uladh Ctr is looking to recruit a manager at Magheroarty Community Centre.
The post is supported by Pobal under the Community Services Programme.
This is a full-time post consisting of 39 hours per week
Please send your CVs with cover letter can be forwarded by email to tografiontar@gmail.com or by post to:
The Chairperson, Togra Fiontar & Cultúr Uladh, Ionad Mhachaire Rabhartaigh, Gort a’ Choirce, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, F92 YF90.
The closing date for applications is on or before 5pm Friday April 9th.