Donegal Daily
  • News
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Business
  • Lifestyle
  • Travel
  • Politics
  • Features
  • Donegal County Council News
Sunday 16°CMonday 18°C

Donegal Daily Donegal Daily

sponsor banner
sponsor banner
  • News
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Business
  • Lifestyle
  • Travel
  • Politics
  • Features
  • Donegal County Council News
EducationNewsSponsored Content

New employment opportunity for graduate students with Irish

written by Staff Writer April 11, 2024
FacebookTweetLinkedInPrint

Deis Nua Do Chéimithe – Iarratais á Lorg

Tá deis nua do chéimithe a bhfuil Gaeilge acu á tairiscint ag Údarás na Gaeltachta. Den chéad uair, tá Údarás na Gaeltachta ag tairiscint conradh oibre le taithí ghairmiúil a mhairfidh suas le dhá bhliain agus a bhfuil Dioplóma Iarchéime (Leibhéal 9) ó Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta beartaithe ina leith.

Tá an conradh oibre seo oscailte do chéimithe de gach cineál cáilíochta – gnó, teicneolaíocht, cuntasaíocht, pleanáil, bainistiú tograí, eolaíocht, na heolaíochtaí sóisialta agus cumarsáid san áireamh.

Gheobhaidh na hiarrthóirí rathúla taithí ghairmiúil i rannóga éagsúla Údarás na Gaeltachta le linn thréimhse dhá bhliain an chonartha oibre. Beidh rogha ag na rannpháirtithe a bheith lonnaithe in aon oifig réigiúnach de chuid an Údaráis sna Forbacha i nGaillimh, i nGaoth Dobhair i dTír Chonaill, i mBéal an Mhuirthead i gCo. Mhaigh Eo, i nDaingean Uí Chúis, i gCo. Chiarraí nó i mBaile Mhic Íre i gCo. Chorcaí.

Nuair a bheidh an conradh oibre críochnaithe ag na céimithe, beidh a gcuid scileanna agus a gcuid cumais forbartha acu chun folúntais a líonadh i gcomhlachtaí Gaeltachta, i bhfiontair shóisialta agus san earnáil phoiblí chomh maith le folúntais in eagrais agus ranna Stáit atá ag cur seirbhísí ar fáil do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge.

Maidir leis an deis nua seo GAIRM – Céim Chun Cinn, dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:

“Is deis ar leith é GAIRM do chéimithe a bhfuil Gaeilge acu. Tabharfaidh sé taithí fhairsing dóibh i rannóga an Údaráis agus i gcliantchomhlachtaí an Údaráis, ach anuas air sin, den chéad uair, beidh na hinniúlachtaí a bhaineann le tograí a bhainistiú idir thaithí phraiticiúil agus eolas acadúil ag croílár na cáilíochta seo. Beidh an taithí sin ina buntáiste ag céimithe atá ag tabhairt aghaidh ar an saol oibre atá amach rompu.”

Dúirt an Dr. Seamus Lennon, Uachtarán Scoil Ghnó Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh: “Táimid an-sásta a bheith ag obair i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta ar an tionscnamh den scoth seo. Tabharfaidh an Dioplóma Leibhéal 9 atá beartaithe agus á fhorbairt againn deis iontach do chéimithe a bhfuil Leibhéal 8 bainte amach acu uasoiliúint a dhéanamh i réimsí éagsúla lena n-áirítear bainistíocht, straitéis, bainistiú tograí, forbairt inmharthana agus tuaithe agus i réimse an aistrithe dhigitigh. Beidh na céimithe a bhainfidh cáilíocht amach in ann poist bhainistíochta a fháil i réimsí éagsúla tionscail agus gnó. Is clár ar leith é seo agus is bealach nuálaíoch é chun taithí oibre cheannaireachta a fháil i réimse leathan gnó agus tionscail mar aon le cáilíocht Leibhéal 9 a bhaint amach”.

Is d’iarrthóirí a bhfuil Gaeilge líofa acu agus a bhfuil céim Leibhéal 8 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí bainte amach acu nó do dhaoine a bhfuil súil acu céim a bhaint amach ag deireadh na bliana acadúla 2023/2024 an deis seo. Is féidir iarratas a dhéanamh ach dul chuig https://udaras.ie/gairm/. Glacfar le hiarratais go dtí 4.00 i.n. ar an 22 Aibreán 2024.


Údarás na Gaeltachta has an exciting new opportunity for Graduate students with Irish

For the first time Údarás na Gaeltachta are offering a two-year employment contract to Graduate students, which will provide professional experience along with a proposed Level 9 Postgraduate Diploma certification, in conjunction with Atlantic Technological University.

This employment contract is open to graduates of all qualifications from business, technology, accountancy to planning, project management, science, social sciences and communications.

Successful applicants will have the opportunity to work in various departments within Údarás na Gaeltachta over the two-year placement. They will have the option to choose to locate themselves in any of Údarás na Gaeltachta’s regional offices in Na Forbacha, Galway, Gaoth Dobhair, Co. Donegal, Béal an Mhuirthead, Co. Mayo, An Daingean, Co. Kerry and Baile Mhic Íre in Co. Cork.

Having completed the two-year placement, highly skilled applicants will emerge and be eligible to apply for vacancies in Gaeltacht companies, in social enterprises, in the public sector, with organisations and State departments providing services to Gaeltacht and Irish language communities.

Referring to this new opportunity, GAIRM – Céim Chun Cinn, Tomás Ó Síocháin, CEO of Údarás na Gaeltachta said: “GAIRM is a fantastic opportunity for graduates with Irish. It will provide them with a wide range of experience in various departments within Údarás na Gaeltachta and in our client companies but furthermore will help to develop the competencies required to manage projects, both from a practical and academic perspective and this will form a core element of this qualification. This experience will benefit graduates who are embarking on their futures in the workforce.”

Dr Seamus Lennon, Head of School of Business at ATU Galway-Mayo said: “We are delighted to collaborate with Údarás na Gaeltachta in this fantastic initiative. The proposed Level 9 Postgraduate Diploma that we are developing will offer Level 8 graduates a great opportunity to upskill in a range of areas including management, strategy, project management, rural and sustainable development, and digital transformation. Graduates of the programme will be well placed to gain employment at managerial level in a range of industry and business areas. The overall programme is unique and represents an innovative way to gain leadership experience working with a wide range of businesses and industry, and to gain a Level 9 qualification.”

This opportunity is open to applicants who are fluent Irish speakers and who hold a NFQ level 8 qualification or for graduates who are completing their degree in the academic year 2023/2024. Applications can be made via https://udaras.ie/gairm/. Applications will be accepted up to 4pm on 22 April, 2024.


New employment opportunity for graduate students with Irish was last modified: April 11th, 2024 by Staff Writer
FacebookTweetLinkedInPrint

Tags:
Atlantic Technological Universityevel 9 Postgraduate DiplomaGaoth DobhairÚdarás na Gaeltachta
Staff Writer

LEAVE A COMMENT

You may also like

Lifford residents express concern over overgrown grass...

5 hours ago

An Garda Síochána face legal action over...

8 hours ago

Gardai seek owner of mountain bike found...

8 hours ago

Rain to give way to mini heatwave...

8 hours ago

Thousands of Donegal fans travel to Roscommon...

9 hours ago

‘Teachmeet’ for early years educators and primary...

21 hours ago

Killybegs to welcome more than 3,500 visitors...

22 hours ago

‘We are both fine’ – Daniel reassures...

24 hours ago

Dog wardens planning patrols across north west...

24 hours ago

Donegal gardaí warn over tarmac scammers using...

1 day ago
Advertisement
Advertisement

Donegal County Council

Facebook
Donegal County Council
Advertisement
Advertisement
Donegal Daily Jobs

Read More

  • News
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Sales & Services
  • Obituaries
  • Features
  • Business
  • Politics
  • Council News

Information

  • Contact Us
  • About
  • Advertise WIth Us
  • Privacy Policy
  • Disclaimer
  • Terms & Conditions

Our Sites

Donegal Woman
Donegal Woman
Donegal Daily

© 2025 Donegal Daily. All rights reserved.
Website by owenod


Back To Top.

We use cookies to ensure that we give you the best experience on our website. If you continue to use this site we will assume that you are happy with it.OkPrivacy policy