Donegal Daily
  • News
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Business
  • Lifestyle
  • Travel
  • Politics
  • Features
  • Donegal County Council News
Friday 16°CSaturday 18°C

Donegal Daily Donegal Daily

sponsor banner
sponsor banner
  • News
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Business
  • Lifestyle
  • Travel
  • Politics
  • Features
  • Donegal County Council News
News

New Donegal festival to celebrate life and legacy of Rónán Mac Aodha Bhuí

written by Contributor June 21, 2024
FacebookTweetLinkedInPrint

A new festival has been announced in honour of broadcasting legend Rónán Mac Aodha Buí.

Dorn san Aer will be held in Gaoth Dobhair from September 27th to 29th to celebrate the life and legacy of a hero to many and a revolutionary figure in Irish culture. Rónán passed away in September last year, aged 53.

The festival, named after Rónán’s famous slogan, will feature a mix of music genres in celebration of Rónán’s encouragement of all creations of art, music, culture, and community in the Irish language.

In keeping with Rónán’s pioneering spirit, civil rights activist Bernadette McAliskey will open the festival on 27th September, with events taking place at venues throughout Gaoth Dobhair over the weekend.

Photo Creidit Colm Hogan

Scroll on for more: 

Tá féile úr Dorn san Aer ag teacht go Co. Dhún na nGall i Meán Fómhair, le ceiliúradh a dhéanamh ar shaol agus ar oidhreacht Rónáin Mhic Aodha Bhuí 

I Meán Fómhair anuraidh, briseadh mór croí dúinn uilig a bhí ann nuair a d’fhág Rónán Mac Aodha Bhuí an saol seo róluath. Laoch a bhí i Rónán ag go leor, Gúrú na nGael ar na haerthonnta. Is deacair cuntas a dhéanamh ar an tionchar réabhlóideach a bhí ag Rónán ar shaol chultúrtha na nGael, ní amháin ina thír féin, ach ar fud na cruinne. Craoltóir radacach agus gníomhaí pobail den scoth a bhí ann. Ba croí na féile é. Cronaímid uainn go mór é.

Bliain i ndiaidh a bháis, is mian linne – cairde, teaghlach agus pobal Rónáin, cuireadh a cuir ar chách, idir shean is óg, cruinniú le chéile le comóradh a dhéanamh ar a shaol agus leis an splanc sin a las Rónán a choinneáil beo – agus is chuige sin an fhéile úr seo i gcuimhne air – Dorn san Aer!

Féile trí lá a bheas i nDorn san Aer, a bheas ar siúl i nGaoth Dobhair ón Aoine 27ú go dtí an Domhnach 29ú Meán Fómhair 2024. Beidh ar a laghad 20 banna ceoil páirteach linn, agus tuilleadh lena chois sin. Cuirfidh Dorn san Aer ardán agus fáilte roimh mheascán craiceáilte de ghrúpaí agus d’imeachtaí i rith an deireadh seachtaine: rac, hip-hop, traid-leictreach, ceol Gaelach, ska, reggae, chomh maith le cainteanna spreagúla, Lá Teaghlaigh, comórtas Cath na mBannaí, RACADAMH agus go leor eile. Le cloí le dearcadh ceannródaíoch Rónáin, fosclóidh an gníomhaí cearta sibhialta Bernadette McAliskey an fhéile go hoifigiúil ar an Aoine 27ú in Amharclann Ghaoth Dobhair. 

I measc phríomhimeachtaí na féile beidh Bréag – banna Bhéal Feirste a thriall ar an Chabaret Craiceáilte go minic; Huartan – a bhuaigh duais Rónáin Mhic Aodha Bhuí ag Gradaim Ceoil Nós, an banna úr Grooveline, lena bhfuaim bhladhmannach func-snagcheoil, agus John Spillane, fear a bhuaigh dhá Dhuais Meteor don cheoltóir Ceol Tíre/Traid is fearr – scéalaí an cheoil a thabharfaidh a bhranda féin de cheol chroí agus anama chuig an fhéile. Beidh plúrscoth na gceoltóirí traidisiúnta againn chomh maith le Seisiúin Cúl a’ Tí agus Ceol ar an Loch ar an bhád An Gráinne Rose. Beidh scoth na gceoltóirí áitiúla ar stáitse le hEmma Ní Fhíoruisce, Eve Bell, an sár-phíobaire Ciarán Mac Fheidhlimidh agus ceoltóirí spleodracha Oileán Thoraí ina measc. Beidh lucht ragairne na féile in ann suí siar agus sult a bhaint as ceol réchúiseach reggae agus ska ón bhanna Feirsteach, Boss Sound Manifesto – sin nó Abair Amhrán a thógáil amach ag seisiún amhránaíochta ‘Súp an Domhnaigh’ i dtigh Hiúdaí Bhig.

Ach níl ansin ach blaiseadh beag de chlár na féile. I measc na n-imeachtaí a bheas againn, beidh Spásas, Róisín Chambers, IMLÉ, Na Fíréin, Cigire na bPuntaí, Elephant Brothers, Súil Amháin, Cistineach an Chéilí, Ceoltóirí ón Úcráin, Coirnéal na Cainte: Caint faoi Réabhlóid an Cheoil, Cór Dorn san Aer le Doiminic Mac Giolla Bhríde, Ceardlann Damhsa, Preab sa Cheol – seó do pháistí óga agus seisiún Ióga ag breacadh an lae. Fógrófar tuilleadh imeachtaí amach anseo.

Ar ndóigh, tá an fhéile ainmnithe as an gháir agus an mana a scairt Rónán amach in ard a chinn le Gaeil ar fud na cruinne a spreagadh le healaín, ceol, cultúr agus pobal a chruthú ar a dtéarmaí féin agus ina dteanga féin. Chuir sé chun cinn agus chothaigh sé ealaíontóirí úra Gaelacha lena Chabaret Craiceáilte gach mí, ag cur brí agus fuinneamh i gcultúr na n-óg agus ag fearadh fáilte mhór chroíúil roimh gach duine a casadh air. Ag tógáil ar an obair sin, cuirfear tús leis an RACADAMH, Acadamh an Cheoil Nua-Aimseartha ina mbeidh máistir-ranganna le haíonna speisialta, scoil cheoil a ba mhian le Rónán a bhunú, scoil ina mbeidh ceardlanna do cheoltóirí agus meantóireacht ar fáil do dhaoine atá ag dul i mbun na ceirde. 

Beidh comórtas Cath na mBannaí mar chuid lárnach den fhéile. Bronnfar duais ollmhór ar an bhanna nó an ceoltóir úr is fearr – deis iontach do bhannaí úra cur lena gcáil. Beidh taispeántas ann d’obair ealaíne ó na Ceardlanna Ealaín Sráide do Dhaoine Óga a bheas mar pháirt den ullmhúchán don fhéile agus beidh caint agus díospóireacht ann faoi staid agus todhchaí an cheoil sa tír faoi láthair.

Tionólfar na ceolchoirmeacha agus na himeachtaí in ionaid éagsúla ar fud pharóiste Ghaoth Dobhair: Ionad Cois Locha faoi bhun na hEaragaile, áit a mbeidh Stáitse Cúl an Tí agus Stáitse Géill Slí, Amharclann Gaoth Dobhair i lár na paróiste agus Teach Hiúdaí Beag – croílár spioradálta An Chabaret Craiceáilte.

Tá cuma mhaith ar chúrsaí cheana féin agus tá an lucht eagraithe buíoch den urraíocht ó Údarás na Gaeltachta agus Ealaín na Gaeltachta agus ag súil le scoth na féile. 

Bígí linn, mar sin, ar 27-29 Meán Fómhair d’fhéile Dorn san Aer! Féile spreagúil úr ag a mbeidh plúr an cheoil agus an chraic i nGaoth Dobhar geal na gréine.

 

New Donegal festival to celebrate life and legacy of Rónán Mac Aodha Bhuí was last modified: June 20th, 2024 by Contributor
FacebookTweetLinkedInPrint
Contributor

LEAVE A COMMENT

You may also like

TCS employees take on sleep out challenge...

39 seconds ago

US Cardinal Robert Prevost becomes Pope Leo...

12 hours ago

Letterkenny University Hospital to get new specialist...

13 hours ago

Breaking: New pope elected as white smoke...

13 hours ago

High fire risk notice issued until Monday

14 hours ago

Donegal journalist to give Historical Society talk...

14 hours ago

Two derelict Castlefin houses to make way...

14 hours ago

National: Joe Duffy to retire from RTE...

16 hours ago

Sadness at passing of former Bundoran hotelier,...

16 hours ago

‘If young people could build, they would...

16 hours ago
Advertisement
Advertisement

Donegal County Council

Facebook
Donegal County Council
Advertisement
Advertisement
Donegal Daily Jobs

Read More

  • News
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Sales & Services
  • Obituaries
  • Features
  • Business
  • Politics
  • Council News

Information

  • Contact Us
  • About
  • Advertise WIth Us
  • Privacy Policy
  • Disclaimer
  • Terms & Conditions

Our Sites

Donegal Woman
Donegal Woman
Donegal Daily

© 2025 Donegal Daily. All rights reserved.
Website by owenod


Back To Top.

We use cookies to ensure that we give you the best experience on our website. If you continue to use this site we will assume that you are happy with it.OkPrivacy policy