Is é Gaoth Dobhair croílár Ghaeltacht Thír Chonaill agus ba léir go bhfuil an teanga beo i gcroíthe na ndaoine óga má bhí tú ann i bPobalscoil Ghaoth Dobhair ag deireadh na seachtaine.
Mar chuid d’Éigse Uladh agus ag ceiliúradh 25 bliain ar an chomórtas aithriseoireachta An Béal Binn, oíche speisialta a bhí ann d’achan duine a ghlac páirt.
Bronnadh duaiseanna ar na buaiteoirí leis an Athair Brian Ó Fearraigh as Machaire Rabhartaigh.