MO GHRÁ GAEL 2 WILL BE COMING FROM DONEGAL TOMORROW NIGHT TUESDAY FEBRUARY 28th
Sa tsraith úr chleamhnais seo, leantar beirt ógánach singil ar turas rómánsúil agus iad ag cuardach a nGrá Gael
Is doiligh grá a aimsiú,
agus ní ar leac do dorais a bhíonn sé i gcónaí!
Tá Síle Ní Scanláin agus Ainle Ó Cairealláin beirt singil, agus tá siad ar lorg grá. Thug siad faoi smacht a chur ar a gcinniúint féin agus d’iarr siad ar dhaoine eile atá singil agus atá ar chomh-intinn leo físeáin fúthu féin a chur isteach chuig an suíomh idirlín Mo Ghrá Gael. I ndiaidh dóibh daoine a roghnú, bhuail siad an bóthar agus chuaigh siad timpeall na tíre ar turas rómánsúil. Ach caithfidh gur duine an-speisialta é don bheirt acu – tá dúil as cuimse ag Síle agus Ainle i gcúrsaí Gaelacha, agus tá liosta fada de thréithe acu le fáil sna daoine a théann i bhfeidhm orthu.
Cuirtear tús lena dturas i mBaile Átha Cliath, agus ar aghaidh leo go Corcaigh, Gaillimh, Dún na nGall, agus Béal Feirste. Nuair a stopann siad i ngach áit, buaileann siad le scaifte daoine difriúil atá ag iarraidh dul i gcion orthu leis an dara coinne a bhaint. Cad é mar a éireoidh le Síle agus le hAinle? An féidir splanc an ghrá a mhothú ar an chéad choinne?
Sa séú clár, clár deireanach na sraithe, tá ar Shíle agus ar Ainle duine den chúigear óna coinní roimhe a roghnú le haghaidh deireadh seachtaine rómánsúil i mBúdaipeist. Is é sin, cor cinniúna an ghrá!
Craolfar an tsraith Dé Máirt ag 10.00 i.n., ag tosú ar 7ú Feabhra ar TG4 agus is féidir an bheirt a leanúint ag moghragael2.com
A new entertaining dating series following two singletons on a romantic odyssey in search of their Grá Gael…
Finding love can prove difficult…
…and it’s not always on your doorstep.
Singletons Síle Ní Scanláin and Ainle Ó Cairealláin are looking for love. They’ve decided to take destiny into their own hands and have appealed for other like-minded singletons to upload videos about themselves to their Mo Ghrá Gael website. Having selected some potential dates the duo go on a road trip around Ireland to see if they can find true love. But not just anyone will do. Both are passionate about all things Gaelach and they have a long list of requirements for anyone hoping to win their hearts.
Their journey begins in Dublin and onto Cork, Galway, Donegal and Belfast. In each location they meet a bunch of other singletons looking for a significant other and chose someone to go on a proper ‘first date’ with. Will their dates do enough to impress Síle and Ainle? Can love be found in one day?
In the sixth and final show Síle and Ainle have to select someone from their road trip to take on a 2nd date for a romantic break in Budapest. This is make-or-break time for love!
The series will be aired on TG4 on Tuesday nights from the 7th February at 10.00pm and you can follow their journey online at moghragael2.com
Tags: