Donegal Daily
  • News
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Business
  • Lifestyle
  • Travel
  • Politics
  • Features
  • Donegal County Council News
Thursday 16°CFriday 18°C

Donegal Daily Donegal Daily

sponsor banner
sponsor banner
  • News
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Business
  • Lifestyle
  • Travel
  • Politics
  • Features
  • Donegal County Council News
Sport

GAA: NÓTAÍ GHAOTH DOBHAIR

written by admin July 11, 2012
FacebookTweetLinkedInPrint

Tá an Fochumann fíor bhuíoch  do phobal Ghaoth Dobhair a tháinig amach go láidir  agus a chuidigh linn roimh agus le linn Chomórtas Peil na Gaeltachta. Bhí muid an bhródúil as agus tá muid  go mór faoi choimín agaibh as an tacaíocht sin.   Beidh oíche  bhuíochais /  cheiliúrú  , le  ceol agus craic  a eagrú againn san Chlubtheach amach anseo san Fhómhar nuair a bheidh an pheil críochnaithe. Beidh sé fógraithe níos cóngaraigh don am.

Tá   an comhlacht “Healthy Hearts Lives” teacht chuig an chlub Dé Sathairn 4ú Lúnasa le heart screening a dhéanamh ar imreoirí an chlub.   Cathfidh tú bheith idir 14-35 bliain d’aois, tá costas de €45 ar gach scrúdú, tá an chlub ag h-íoc €15 ar son gach baill a bheas ag dul faoi scrúdú agus caithfidh an imreoir féin an €30 eile a h-íoc.   Ma bhíonn tú faoi 18 mbliaina déag tá síniú tuismitheoira de dhíth le cead a thabhairt. Tá am le socrú go foil.   Tá tuilleadh eolas agus foirm le fáil ó Bridin 086 1702322

Faoi 12 Cluiche Ceannais Sciath
Gaoth Dobhair A 5-6 Naomh Mícheál 2-9
Bhí an bhua ag Gaoth Dobhair i Machaire Gathlán in éadan Naomh Mícheál, 0-2 d’imir Liam Mac Pháidín, Mikey Ó Baoill, Cathal Mac Giolla Easbuic, Ethan Ó hEarcáín agus Seosamh Mac Aoidh go maith. Marc Mac Pháidín 2-2, Stiofán Mac Pháidín 2-0, Mary Ní Ghallachóir 1-0, Ethan Ó hEarcáin 0-1 agus Seosamh Ó Crossáin 0-1.

Gaoth Dobhair B 4-6 Naomh Mícheál 1-5
Bhí an bhua ag an fhoireann B chomh maith, Conor Ó Dochartaigh 2-0, Daithí Mac Roibeard 1-1, Jamie Ó Dochartaigh 1-1, Seán Ó Dochartaigh 0-2 agus Pádraig Ó Fearraigh 0-2.

Faoi 16 Cluiche Leath Ceannais Craobh Tuaisceart
Naomh Adhamhnáin 1-03 Gaoth Dobhair 0-11
Fuair Gaoth Dobhair an bhua ar Naomh Adhamhnáin tar eis cluiche iontach maith i Leitir Ceanainn tráthnóna inniu. Bhí an lámh láidir ag Naomh Adhamhnáin sa chéad deich mbomaite nuair a bhí 1-1 acu agus gan aon scór ag Gaoth Dobhair agus iad ag imirt in éadan na gaoithe. Bhí 20 bomaite ar an chlog sular bhfuai…r Gaoth Dobhair an chéad pointe uaidh Niall Ó Fríl. Fuair Gaoth Dobhair 4 phointe as a chéile uaidh Dáire Ó Baoill, Tiarnán Ó Dea agus péire uaidh Gavin Mac Giolla Bhríde. Scór leath ama 1-1 go 0-5 ag Gaoth Dobhair. Fuair Gaoth Dobhair an chéad dhá phointe sa dara leath uaidh Gavin arís. Ní bhfuair Naomh Adhamhnáin ach dhá phointe sa dara leath le imirt iontach maith ó chosantóirí Ghaoth Dobhair. Chríochnaigh Ghaoth Dobhair le ceithre phointe uaidh Gavin, Dáire agus péire uaidh Aodhán Ó Fearraigh.

Blitz Iománaíochta Faoi 8
Bhi sár blitz ag foireann Ghaoth Dobhair inniu ar an Chlóchán Léith.
Bhí foireann A agus B againn.
Bhain foireann A na cluichí uilig a bhí acu agus níor chaill an fhoireann B ach ceann amháin. Gaoth Dobhair, Gaeil Leitir Ceanainn, Naomh Adhamhnáin agus Clochán Liath na foirne a bhí i láthair inniu.

Cailín Faoi 14 Sraith
Aodh Rua 2-05 Gaoth Dobhair 4-07
Bhí bua maith ag na cailíní tráthnóna inniú as baile in éadan Aodh Rua Cúil na gCuirridín. Cé go raibh Gaoth Dobhair ag cailleadh ag leath ama leis an scór 1-2 go 0-2, tháinig siad amach sa dara leath agus d’imir siad uilig sár chluiche leis an bhua a fháil.
An Foireann: Mary Ní Ghallachóir, Caoimhe Breathnach, Ciara Louise Nic Aoidh, Emma Nic… Giolla Bhríde, Niamh Ní Bhaoill, Katie Ní Ghallachóir, Katelyn Nic Aoidh, Caoimhe Nic Aoidh 0-1, Ellie Ní Thrasaigh 0-1, Eimear Ní Fhríl 0-3, Shannen Ní Dhochartaigh 4-0, Roisín Nic Aoidh 0-1, Eimear Ní Dhonaill 0-1, Ciara Ní Churráin, Sarah Ní Dhuibhir. Eilis Nic Pháidín, Máire Ní Ghairbheith, Ciara de Barra, Shauna Nic Pháidín.

Lotto winners July 2012

Danny Doogan €400

Declan Kelly €250

Peggy Coyle €150

Francie McEleney €100

Charlie Campbell €100

GAA: NÓTAÍ GHAOTH DOBHAIR was last modified: July 11th, 2012 by admin
FacebookTweetLinkedInPrint

Tags:
GAA: NÓTAÍ GHAOTH DOBHAIR
admin

LEAVE A COMMENT

You may also like

Letterkenny AC delivers standout performance at Glenswilly...

13 hours ago

Donegal ‘100 percent right’ to be annoyed...

18 hours ago

Donegal Half Marathon Committee presents €2,000 to...

22 hours ago

Another busy week for Portsalon Golf Club...

23 hours ago

GPA backs Donegal in quarter-final fixture dispute

1 day ago

Open invite to North West 10k cheque...

2 days ago

Finn Valley AC athletes excel in busy...

2 days ago

Sheephaven SAC divers find ‘nest of golf...

2 days ago

Portsalon’s Aoife Browne, 18, selected for Ulster...

2 days ago

No rest for Donegal as All-Ireland quarter-final...

3 days ago
Advertisement
Advertisement

Donegal County Council

Facebook
Donegal County Council
Advertisement
Advertisement
Donegal Daily Jobs

Read More

  • News
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Sales & Services
  • Obituaries
  • Features
  • Business
  • Politics
  • Council News

Information

  • Contact Us
  • About
  • Advertise WIth Us
  • Privacy Policy
  • Disclaimer
  • Terms & Conditions

Our Sites

Donegal Woman
Donegal Woman
Donegal Daily

© 2025 Donegal Daily. All rights reserved.
Website by owenod


Back To Top.

We use cookies to ensure that we give you the best experience on our website. If you continue to use this site we will assume that you are happy with it.OkPrivacy policy